Le fada an lá tá an Ghaeilge suite i gcroílár chóras oideachais na hÉireann sna 26 chontae mar ábhar éigeantach, siombail chultúrtha agus cuid dár bhféiniúlacht náisiúnta. Ach, agus athruithe nua á bhfógairt anois ar bhealaí isteach san oideachas tríú leibhéal, go háirithe sa bhunchéim nua cúig bliana san oideachas bunscoile le riachtanais iontrála níos ísle sa Ghaeilge, tá ceist níos práinní fós romhainn: an bhfuil an córas ag cothú teanga bheo, nó an bhfuil sé ag lagú na Gaeilge mar chroíchuid d’oideachas an stáit?

Is cinnte gur céim dhearfach é níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine ó chúlraí éagsúla dul isteach san ardoideachas. Tá gá le bealaí níos cothroime do mhic léinn ó theaghlaigh ar ioncam íseal, do mhic léinn aibí, do thuismitheoirí aonair agus dóibh siúd nach raibh an doras céanna oscailte dóibh roimhe seo. Ach tá imní dhlisteanach ann nuair a bhaineann “solúbthacht” leis an nGaeilge i gcúrsa a ullmhaíonn múinteoirí bunscoile.

Má táimid chun múinteoirí bunscoile a oiliúint le caighdeán níos ísle Gaeilge ag an bpointe iontrála, cén teachtaireacht atá á tabhairt againn faoi stádas na teanga féin? An bhfuilimid ag admháil, go hindíreach, nach bhfuil an Ghaeilge chomh riachtanach céanna leis na hábhair eile? Nó níos measa fós, an bhfuilimid ag cruthú córas ina mbeidh níos lú muiníne ag an gcéad ghlúin eile múinteoirí an teanga a mhúineadh mar theanga bheo?

Ní hé seo le rá nár cheart tacaíocht agus deiseanna forbartha a thabhairt do mhic léinn a bhfuil bearnaí acu. A mhalairt ar fad. Ach tá difríocht mhór idir tacaíocht a chur ar fáil agus ionchais a ísliú. Má tá an chéad bhliain den chlár le húsáid chun scileanna Gaeilge a thabhairt suas go caighdeán cuí, beidh gá le hinfheistíocht ollmhór, caighdeáin shoiléire agus fís láidir. Seachas sin, tá baol ann go mbeidh an Ghaeilge á brú níos faide i dtreo imeall an chórais.

Le blianta fada, tá gearán cloiste againn go bhfágann daltaí an scoil gan Gaeilge nádúrtha labhartha acu. Más é sin an fhadhb, is é an réiteach múinteoirí níos láidre, níos cumasaí agus níos muiníní a fhorbairt, ní caighdeáin na teanga a mhaolú.

Má tá an Ghaeilge le bheith beo sna seomraí ranga, caithfear í a chosaint mar bhunriachtanas, ní mar rogha inoiriúnaithe. Tá cothromas san oideachas riachtanach, ach níor cheart go dtiocfadh sé ar chostas ár dteanga bheo féin. Sa deireadh, ní leor níos mó múinteoirí a bheith againn. Caithfimid a chinntiú go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a thabhairt beo don chéad ghlúin eile.

Cóilín Duffy

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.