Ná caill misneach sna scrúduithe

Feargal Máirtín, stiúrthóir Súilsiar.ie

Tá aimsir na scrúduithe stáit ag teacht agus tá na pinn, na haibhsitheoirí agus na háireamháin amuigh ag scoláirí tríú agus séú bliana na tíre. Ag an am céanna, tá an t-uachtar gréine agus na brístí gearra amuigh ag gach éinne eile. Más ag tabhairt faoi scrúduithe atá tusa i mí na Bealtaine, ná tagadh lagmhisneach ort; tá an-obair curtha isteach agat agus is gearr go mbeidh saoirse na haimsire agatsa freisin.

Taobh thiar d’ardán SúilSiar.ie feicimid lear mór sonraí ar nósanna staidéir scoláirí na tíre, agus feictear dúinne go bhfuil sárobair déanta agaibh ó thús na scoilbhliana. Tá na taiscumair inchinne líonta; níl á dhéanamh sna laethanta deireanacha agaibh ach snas a chur ar an gcrua-obair chun pointí breise a ghnóthú. Anseo thíos tá cúpla nod do na laethanta atá romhaibh bunaithe ar ár dtaithí:

  1. Is maratón seachas ráib atá romhaibh. Chonaiceamar buaicúsáid ag amannta éagsúla i rith na bliana, rud a léiríonn go bhfuil sibh ullamh agus ag teacht i dtreo barr feabhais ag an am ceart. Tabhair aire duit féin anois. Déan seisiúin ghearra dhírithe staidéir le tréimhsí gairide amuigh faoin aer nó ag pocáil liathróide le cara. Cinntigh go bhfaigheann tú codladh na hoíche agus aiste bia chothromaithe chun fuinneamh comhsheasmhach a chinntiú ó thus deireadh laethanta fada na scrúduithe; is ionann na marcanna ag a 4 trathnóna Déardaoin agus iad sin ar a 9.30 maidin Dé Céadaoin.
  2. Cleachtadh, cleachtadh, cleachtadh atá de dhíth anois. Dírigh ar na hiarpháipéir scrúduithe. Tá an t-am chun nótaí fada a scríobh thart, ach nuair a thagann tú ar cheist dhúshlánach, fill ar na nótaí iontacha a chruthaigh tú nó cuir teachtaireacht thapa go dtí an saineolaí is tacúla dá bhfuil ann, do mhúinteoir. Is as seo a thiocfaidh na píosaí beaga feabhais a dhéanfaidh difríocht mhór.
  3. Sna huaireanta sula mbeidh tú ag tabhairt faoi scrúdú, dírigh ar shúil siar thapa a chuirfidh le do mhuinín. Cuir ceisteanna ar chara, rith trí na luaschártaí sin a chruthaigh tú nó déan quiz nó gearrcheisteanna. Cuimhnigh go bhfuil an t-eolas agat; ag an bpointe seo, níl uait ach ardú meanman a thabhairt duit féin chun barr do chumais a léiriú ar an bpáipéar buí, bándearg nó gorm sin.
  4. Tá séasúr na craoibhe buailte linn. Nuair a fhaigheann tú an páipéar, caith do shúile ar gach ceist. Glac cúpla nóta beag láithreach (mar shampla athfhriotal nó foirmle) má léimeann siad chugat. Is comórtas atá ann anois. Gnóthaigh na marcanna éasca ar dtús, dírigh ar cheisteanna dúshlánacha ina dhiaidh sin. Pioc suas na marcanna píosa ar phíosa, agus ná héirigh as luath; is minic go mbeidh cuid amháin de cheist an-dúshlánach ach go mbeidh na coda eile den cheist chéanna níos indéanta; foinse thorthúil marcanna.

An rud a chuir tú san fhómhar, sa gheimhreadh agus san earrach, bainfear i mBealtaine na scrúduithe é. Tá tú lán ábalta; go n-éirí go geal leat.


súilsiar.ie ar an gcéad ardán agus an t-aon ardán a fhreastalaíonn go sonrach ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta trí acmhainní agus ardán cumhachtach digiteach cruthaithe ag múinteoirí atá ag obair san earnáil lán-Ghaeilge.  Freastalaíonn na múinteoirí a chruthaíonn ábhar dúinn ar riachtanais an ábhair agus na bpáipéar scrúduithe ag leibhéal teanga a chuireann le tuiscint na scoláirí.