Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

San alt seo foghlaimeoimid faoin imreoir sacair mór le rá Katie McCabe.
D’imir Katie le Arsenal ar feadh na mblianta agus is í captaen fhoireann náisiúnta na hÉireann í.
Agus í ag fás aníos d’imir McCabe ar fhoirne óige buachaillí do Kilnamanagh AFC agus Crumlin United F.C. Nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois chuaigh sí isteach sa chéad fhoireann cailíní i dTeach Mealóg, ag imirt d’fhoireann na gcailíní agus d’fhoireann na mbuachaillí araon go dtí go raibh sí 13 bliana d’aois. Ba é Damien Duff agus Robbie Keane na himreoirí is mó a thaitin léi mar pháiste. Agus í sa mheánscoil d’imir sí peil Ghaelach agus cispheil freisin
Nuair a bunaíodh Sraith Náisiúnta na mBan in 2011 shínigh McCabe le Raheny United. Bhí oiliúint déanta aici leis an gclub roimhe sin, ach chuir rialacháin na sraithe cosc uirthi conradh a shíniú go dtí go mbeadh sí 16 bliana d’aois. Rinne sí ionadaíocht ar an gclub sa chéad séasúr den chomórtas. As seo go ceann trí shéasúr bhuaigh sí dhá chraobh shraithe agus trí chorn ban FAI as a chéile leis “na Pandaí”. Rinne sí ionadaíocht freisin ar an gclub i sraith seaimpíní ban UEFA.
D’imir sí le Arsenal ó 2015 go 2026. I séasúr 2018–19 chabhraigh sí le Arsenal craobh FA na mban a bhuachan, ag imirt níos mó nóiméad ná aon imreoir eile ar an scuad. Ar an 26 Márta 2019 ghlac sí le síneadh le Arsenal. Cúig lá ina dhiaidh sin, i gceann de chluichí deireanacha na bliana, scóráil sí cúl ríthábhachtach a bhuaigh cluiche in aghaidh Birmingham, rud a choinnigh Arsenal pointe amháin glan ag barr na sraithe.
Scóráil sí 5 chúil agus chabhraigh sí le dhá cheann déag eile le linn shéasúr 2020–21 FA na mban nuair a chríochnaigh Arsenal sa tríú háit, agus ainmníodh í ar Fhoireann PFA na Bliana. I mí na Nollag 2020 d’imir sí do Arsenal den 100ú uair nuair a bhuaigh siad 4-0 ar Everton, nuair a chabhraigh Jen Beattie léi cúl a scóráil ó chic cúinne. Níos déanaí an mhí sin, bhí sí páirteach i gconspóid a bhain le COVID-19 tar éis di pictiúr di féin a phostáil ar thrá i nDubai in ainneoin toirmeasc taistil ar chónaitheoirí Londan. Dúirt sí go ndeachaigh sí go Dubai le haghaidh cruinniú gnó lena gníomhaire. Ní chuir an FA aon phionós uirthi.
Roimh shéasúr 2021–22 FA i sacar na mban shínigh sí conradh nua fadtéarmach le Arsenal.
Chaill sí ceithre mhí de shéasúr 2013–14 le cos bhriste. An bhliain sin d’earcaigh Ollscoil Stáit Florida í freisin chun imirt d’fhoireann sacair ban Florida State Seminoles sna Stáit Aontaithe, ach thit an t-aistriú as a chéile mar gheall ar a gortú.
In 2014–15 scóráil McCabe 23 cúl do Raheny, dhá chúl taobh thiar den phríomhscórálaí Áine O’Gorman ó UCD Waves
I mí na Samhna 2014, scóráil sí an cúl tosaigh do Raheny i gcluiche ceannais chorn ban FAI, ó chic saor 35 slat, agus bhuaigh sí an dara corn FAI di leis an gclub.
Is ionadaí iontach í d’Éirinn agus tá sí ar dhuine de na laochra sacair is mó a d’imir d’fhoireann náisiúnta na mban.
Ceisteanna buntuisceana
- Cén fhoireann náisiúnta a bhfuil Katie McCabe ina captaen uirthi?
- Cad iad na cluichí eile a d’imir Katie McCabe le linn di a bheith ar an meánscoil?
- Cén aois a bhí Katie McCabe nuair a shínigh sí le Raheny United?
- Cén chraobh a bhuaigh Arsenal sa séasúr 2018–19 agus cén ról a bhí ag McCabe sa rath sin?
- Cén fáth ar thit an t-aistriú go hOllscoil Stáit Florida as a chéile?