Mír ghramadaí: Na huimhreacha 1

Ainmfhocal le huimhir

Fágtar bunús na n-ainmfhocal san uatha tar éis uimhreach. Cuirtear séimhiú nó urú orthu, nó fágtar gan séimhiú agus urú iad, de réir na bpatrún seo:

1-6 séimhiú ar chonsain, gutaí gan athrú11-1621-26
cathaoir, aon chaothaoir amháincathaoir déag, aon chathaoir déaggeansaí dhéag, aon gheansaí dhéag(séimhiú ar déag tar éis guta)cathaoir is fiche, geansaí is fiche
dhá thábla, dhá bhorddhá thábla dhéag, dhá bhord déagdhá thábla is fiche, dhá bhord is fiche
trí pháipéar, trí úll (gan tionchar ar ghuta)trí pháipéar déag, trí úll déagtrí pháipéar is fiche, trí úll is fiche
ceithre bhallaceithre bhalla dhéagceithre bhalla is fiche
cúig dhorascúig dhoras déagcúig dhoras is fiche
sé ghuthánsé ghuthán déagsé ghuthán is fiche
7-10 urú ar chonsain, n- roimh ghutaí17-2027-30
seacht bhfuinneog, seacht n-oráisteseacht bhfuinneog déag, seacht n-oráiste dhéagseacht bhfuinneog is fiche, seacht n-oráiste is fiche
ocht ngluaisteán, ocht n-inneallocht ngluaisteán déan, ocht n-inneall déagocht ngluaisteán is fiche, ocht n-inneall is fiche
naoi dteachnaoi dteach déagnaoi dteach is fiche
deich bpeannfiche peann (gan athrú tar éis 20, 30, 40 agus aon uimhir eile dar críoch 0, seachas 10)tríocha peann

Leanann uimhreacha ó 30 ar aghaidh an patrún céanna le 21-30.

Scríobh na habairtí seo leis na huimhreacha mar fhocail. Tá an chéad cheann déanta duit.

  1. 3 (cóipleabhar) Trí chóipleabhar
  2. 7 (bó) ____________________________________________ 
  3. 5 (capall _________________________________________
  4. 2 (páirc) __________________________________________
  5. 6 (solas) __________________________________________
  6. 9 (seomra) __________________________________________
  7. 1 (dún) __________________________________________
  8. 10 (dán) __________________________________________
  9. 12 (suíomh) __________________________________________
  10. 15 (cat) __________________________________________
  11. 20 (fód) __________________________________________
  12. 22 (grianghraf) __________________________________________
  13. 39 (iasc) __________________________________________
  14. 13 (ócáid) __________________________________________
  15. 44 (píosa) __________________________________________
  16. 52 (cárta) __________________________________________