
Tá amhrán nua Gaeilge eisithe ag an gceoltóir óg Éanna Ó Casaide as Dún Feart, Co. Chill Chainnigh, agus tá fáilte mhór curtha roimh an singil nua dar teideal Ar mo Shuaimhneas ó eisíodh é le gairid. Tá aithne ar Éanna cheana féin mar bhall den bhanna ceoil Burnchurch, ach an uair seo tá sé ag tabhairt faoin gceol ina aonar agus é ag cur a stíl féin agus a ghrá don Ghaeilge chun cinn.
Tá Éanna ina mhac léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a bhfuil sé ag déanamh staidéir ar Cheol, Stair an Cheoil agus Oideachas. Dúirt sé le An Páipéar go bhfuil meascán den dá thaobh sa chúrsa aige, idir cheol agus obair i scoileanna.
“Bíonn muid ag seinm ceoil agus ag foghlaim faoi stair an cheoil, agus cuid eile den am bíonn muid ag dul isteach i scoileanna agus ag obair le múinteoirí agus daltaí,” a dúirt sé. “Is maith liom an meascán idir an ceol agus an t-oideachas.”
Mhínigh Éanna gur tháinig Ar mo Shuaimhneas le chéile go han-tapa agus é ina shuí ag an bpianó sa bhaile.
“Thosaigh mé cineál ag canadh an fhoinn agus ansin tháinig na focail leis go nádúrtha. Chuir mé físeán beag ar na meáin shóisialta gan mórán machnaimh faoi, ach faoin maidin dár gcionn bhí daoine ag rá liom go gcaithfinn an t-amhrán a chur amach,” a dúirt sé.
Taifeadadh an t-amhrán i stiúideo a athar Seathrún, atá ina cheoltóir leis an mbanna Na Casaidigh. Dar le hÉanna, bhí tionchar ollmhór ag an gceol sa bhaile air ó bhí sé ina pháiste óg.
“Bhí mé ag dul chuig gigeanna ó bhí mé cúig bliana d’aois agus sin an áit a ndeachaigh an ceol i bhfeidhm orm,” a dúirt sé. “Tá an oiread sin ceoil inár gclann ar fad.”
Labhair sé chomh maith faoin athrú atá feicthe aige i leith na Gaeilge le blianta beaga anuas agus faoin spéis mhéadaithe atá inti anois i measc daoine óga.
“Bliain ó shin ní raibh aithne agam ar an méid sin daoine ag labhairt Gaeilge mórthimpeall orm, ach anois tá daoine i ngach áit ag iarraidh í a fhoghlaim,” a dúirt sé. “Sílim go bhfuil an Ghaeilge tar éis scaipeadh amach ón nGaeltacht anois.”
Tá Éanna ag súil anois le tuilleadh ceoil Gaeilge a eisiúint amach anseo, agus beidh sé le feiceáil ag roinnt imeachtaí agus féilte i rith na bliana, ina measc Oireachtas na Gaeilge i mBéal Feirste.