
Tá infheistíocht nua de bhreis is €485,000 fógartha ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, chun conairí siúil agus fánaíochta ar fud cheantair thuaithe na hÉireann a uasghrádú agus a fheabhsú.
Fógraíodh an maoiniú Déardaoin an 21 Bealtaine, agus úsáidfear é chun tacú le 52 miontionscadal caipitil ar chonairí atá mar chuid de Scéim na Siúlóidí. Áirítear ar na hoibreacha a dhéanfar athdhromchlú, atreorú agus feabhsúcháin éagsúla ar chonairí siúil atá in úsáid ag siúlóirí, turasóirí agus pobail áitiúla.
Dúirt an tAire Calleary go bhfuil buntáistí móra ag baint leis na conairí seo, ní hamháin do shláinte agus folláine daoine, ach do gheilleagar agus d’fhorbairt pobail tuaithe chomh maith.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!