
Rinne fórsaí Iosrael idircheapadh ar an mbád deireanach de Chabhlachán Samud, cabhlachán daonnúil ina raibh breis agus 70 bád faoi stiúir sibhialtach ó gach cearn den Domhan. Tagann an cabhlachán seo sna sála ar chabhlachán den chineál céanna anuraidh, ach le breis bád agus breis gníomhaithe, cabhlachán eile a ndearna na hIosraelaigh idircheapadh air. Tá breis is míle gníomhaí mar chuid de agus Éireannaigh ina measc lena n-áirítear Margaret Connolly, deirfiúr le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly.
Rinne na hIosraelaigh idircheapadh ar bháid chabhlacháin ar usicí idirnáisiúnta i bhfad amach ó uiscí aitheanta Iosrael agus Gaza féin. Tá tuairiscí tagtha isteach go bhfuil na hIosraelaigh ag caitheamh go dona lena ngialla agus tá físeáin scaipthe ag na hIosraelaigh féin de na gialla ón iliomad tíortha lena lámha ceangailte taobh thiar dá ndroim agus iad coimeádta ar a nglúine ar feadh uaireanta an chloig, cleachtas a aithnítear mar chéasadh agus ciapadh de réir dlí idirnáisiúnta, agus beart a sháraíonn coinbhinsiúin idirnáisiúnta ar chearta an duine agus i gcoinne ciapadh agus céasadh.