Tá sé deimhnithe nach mbeidh aon fhionraí breise le gearradh ar imreoirí ná ar bhaill bhainistíochta as an achrann conspóideach a tharla idir Ciarraí agus Dún na nGall ag leath ama i gcluiche i gCraobhchomórtas na hÉireann i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite.
Tuigtear gur chinn Coiste Lárnach Rialaithe na gComórtas gur láimhseáil an réiteoir Seán Hurson na heachtraí ar fad ar an bpáirc ag an am. Mar sin féin, tá sé i gceist fíneálacha a ghearradh ar an dá chontae mar gheall ar an iompar ag leath ama agus as filleadh mall ar an bpáirc don dara leath.
Bhí an cluiche idir an dá fhoireann thar a bheith teann ón tús agus an dá thaobh ag cuimhneamh ar chluiche ceannais na hÉireann agus cluiche ceannais roinn 1 den tSraith Náisiúnta idir na contaetha le bliain anuas. Chríochnaigh an cluiche le bua láidir ag Dún na nGall, 2-20 go 0-16, i Staid Mhic Gearailt, ach ba é an t-achrann ag leath ama a ghoid an aird ina dhiaidh sin.