“Ní hiad na himreoirí na drochdhaoine” – conspóid ag dul i méid faoi chluichí Éire in aghaidh Iosrael

Tá conspóid mhór fós ag baint leis na cluichí idir Poblacht na hÉireann agus Iosrael i Sraith na Náisiún UEFA, agus tá bainisteoir fhoireann na hÉireann, Heimir Hallgrímsson, tar éis a rá go mbeadh sé “éagórach” an brú a chur ar na himreoirí faoin gceist.

Tá Éire le himirt in aghaidh Iosrael ar an 27 Meán Fómhair i gcluiche as baile, ar dócha go mbeidh sé ar siúl ag ionad neodrach, agus arís ar an 4 Deireadh Fómhair ag Staid Aviva i mBaile Átha Cliath. Ó rinneadh an crannchur i mí Feabhra, áfach, tá conspóid leanúnach ann maidir le cinneadh Chumann Peile na hÉireann na cluichí a chomhlíonadh.

Ar an Máirt, reáchtáladh agóid taobh amuigh den Dáil mar agóid i gcoinne chinneadh an FAI na cluichí a imirt. I mí Feabhra, dúirt príomhfheidhmeannach an FAI, David Courell, gur léirigh an cumann agus a chomhaltaí a seasamh faoi rannpháirtíocht Iosrael sa pheil idirnáisiúnta, ach nach raibh UEFA sásta gníomhú air sin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.