An tAire Lyons ag maíomh go bhfuil Sinn Féin ag tarraingt na gcos faoi straitéis don Ghaeilge

Dúirt Lyons sa Tionól Dé Luain gur straitéis an Fheidhmeannais í straitéis don Ghaeilge

Jack Mac Íomhair

Tá an tAire Pobal, Gordon Lyons de chuid Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, ag cur an lochta ar Shinn Féin maidir leis an easpa straitéise don Ghaeilge sna sé chontae. Chuir Comhalta den Tionól Reachtach ó Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre,  Mark H Durkan, ceist ar an Aire Pobal ag tús na seachtaine maidir leis an straitéis don Ghaeilge agus straitéis don Ultais, ag fiosrú faoin ghníomh a dhéanfaidh an tAire chun oibleagáidí an Fheidhmeannais a chomhlíonadh.

Dúirt Lyons go raibh an ceart ag Durkan aird a tharraingt ar an fhíric gur straitéis an Dheidhmeannais í straitéis don Ghaeilge mar bunaíodh grúpa oibre trasrannach chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt na straitéise.  

Lean an tAire ar aghaidh ag rá gur tugadh cuireadh chuig airí freagra a thabhairt ar na dréachtphleananna gnímh ach níor tháinig gach duine acu ar ais taobh istigh den achar ama sainithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.