Cnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí

Nuala Holloway

Is maith is cuimhin liom laethanta m’óige ar fheirm mo sheanmháthar i gContae na hIarmhí. Bean speisialta ab ea í, a tháinig ó chlann stairiúil, Mac Eochagáin. Ba leo formhór na dtailte i gContae na hIarmhí go dtí ionradh Chromail, a thóg uathu é ag rá leo, ‘Go hifreann nó go Connachta’. Is minic a léigh sí scéalta agus dánta dom. Seanscéalta, mar shampla scéal Chlann Lir, agus na laethanta a chaith siad ar Loch Dairbhreach. Ach an scéal ba mhó a thaitin liom ná na scéalta faoi Chnoc Uisnigh. 

Ní raibh Cnoc Uisnigh ach cúpla míle óna teach féin. Bhíomar ábalta seasamh ar Chnoc na gCuach ar a feirm Lá Bealtaine agus féachaint trasna ar an áit dhraíochtúil seo. Thosaíodh sí na scéalta mar seo: ‘Nuair a bhí Íosa Chríst ag siúl bhóithre deannacha na Palaistíne, nó ag iascach i bhfarraige na Gaililí lena aspail, bhí buíon bheag de thrádálaithe láidre ón Éigipt ag déanamh a mbealaigh suas an tSionainn, ag baint taitneamh as an mbáisteach agus ag déanamh iontas de choillte móra glasa Oileán na hÉireann. Bhí siad ag druidim le deireadh a n-aistir a mhair seachtainí fada chuaigh iad trasna na Meánmhara agus ar feadh chósta contúirteach an Atlantaigh. Trádálaithe ba ea iad ag teacht go mórfhéile na Bealtaine ar Chnoc Uisnigh. Thug siad leo táirgí ón Oirthear, spíosraí, síoda agus sról le trádáil le haghaidh uirlisí agus ornáidí déanta in Éirinn’.

Is ionann Cnoc Uisnigh i gContae na hIarmhí agus croí-ionad spioradálta agus miotaseolaíochta na hÉireann, áit a bhfuil 5,000 bliain de stair aici mar ionad deasghnátha mar chruinniú cúig chúige, agus áit bhreithe an tsolais ag an mBealtaine.

Níl aon aistriúchán cinnte ann ar an bhfocal Uisneach, mar is dócha gur tháinig sé roimh an nGaeilge. Meastar gur léirigh an chéad léarscáil d’Éirinn atá ar eolas againn, a chruthaigh an cartagrafaí Gréagach Claudius Ptolemy in 140 AD, Uisneach, ar thug sé ‘Raiba’ air sa lár.  I bhfoinsí luath scríofa luaitear an ceantar ina bhfuil Uisneach suite mar Midhe, rud a chiallaíonn ‘lár’, agus sin an t-ainm ar dtús don chnoc féin. Tá an ‘teampall’ nó an ‘teallach’ sa lár. Le himeacht ama, leathnaigh an chríoch chun bheith ina ríocht mheánaoiseach Midhe a thug an t-ainm do chontae nua-aimseartha, Mí agus Iarmhí. Léiríonn an suíomh seo i gcroí na Mí freisin a ról mar shuíomh ríoga, ag nascadh an talaimh leis an saol eile.

Ba iad na draoithe na sagairt Phágánacha, agus bhí a ngnásanna diamhra féin acu  le haghaidh ócáidí móra, mar shampla toghadh an rí. De réir dinnseanchais is anseo a las draoí darb ainm Midhe tine naofa ar feadh seacht mbliana ónar lasadh tine gach teallaigh sa tír. Is é Uisneach suíomh na mórdhála a d’fhógair tús an tsamhraidh.

Baile an Daghdha is ea Uisneach, athair na ndéith,e agus áit adhlactha Lú, laoch agus rí  Thuatha Dé Danann. Deirtear go bhfuil Éiru, bandia na ceannasachta, curtha faoin gCloch Roinnte nó Ail na Míreann. Ach is fearr liom an t-ainm Cloch na gCat a úsáid mar tá an chloch mhór oighreach seo cosúil le cat. De réir miotais is as an mbandia Ériu a ainmníodh an tír, Éire. Is áit chomhtháthaithe é Uisneach idir miotas, stair agus tírdhreach, ag nascadh shaol na ndéithe leis an saol daonna.

Tháinig Naomh Pádraig go hUisneach sa chúigiú haois agus rún aige seipéal a bhunú ar an gcnoc. Ach mar gheall ar fhreasúra chlann Uí Néill a bhi i réim, níor éirigh leis ina mhisean. De réir finscéil,  chuir se mallacht ar chlocha Uisnigh. Mar sin féin, ainmníodh tobar do Naomh Pádraig ar an láthair. Thug Naomh Bríd  cuairt Uisneach freisin. Deirtear go bhfuair sí a fallaing naofa ansin ó Naomh Pádraig,

D’fhág an Chríostaíocht rian tábhachtach eile ar an gcnoc in 1111 AD nuair a tionóladh sionad mór Uisnigh ag a raibh ríthe, easpaig agus cléir i lathair. Chuir an sionad tús leis an bpróiseas chun Éire a roinnt ina deoisí atá fós ann inniu. Sa chéad mhílaois ba é Uisneach príomhphálás agus láthair thionóil ríthe chlann Cholmáin a bhí i ríocht na Mí agus cuid acu ina ríthe ar Éirinn. Ba é Maol Seachnaill Mór an duine deireanach díobh seo a coróiníodh in 980 AD. Chomh maith leis na huaisle, bhí Uisneach ina áit chónaithe ag teaghlaigh filí. Rugadh Tadhg Ó Cobhthaigh, príomhfhile na hÉireann agus na hAlban ar Uisneach. Fuair se bás in 1554.

Sa ré nua-aimseartha bhí Uisneach ina láthair do chruinnithe móra polaitiúla le Dónall Ó Conaill, Pádraig Mac Piarais agus Éamon de Valera. Thug siad óráidí do na sluaite ó Ail na Míreann. Thug James Joyce cuairt ar Uisneach. Ina urscéal Finnegans Wake luaitear Ail na Míreann mar ‘the Mearing stone’. Fáthach i measc lucht na Gaeilge ba ea Manchán Magan. Chuaigh sé ar shlí na fírinne an fómhar seo caite. Scaipeadh a luaithrigh ar thalamh naofa Uisnigh. Ina bhealach séimh féin chuir sé i gcuimhne dúinn ról na teanga maidir le tuiscint níos doimhne a fháil ar an cheantar thart orainn.  Ina leabhar Thirty-Two Words for Field, chuir sé focail ag rince ar nós sneachta ar leic.

 Ar an naoú agus ar an deichiú lá de Bhealtaine soilseoidh tine Bhealtaine an pháirc nuair a shiúlfaidh daoine trasna an chnoic i gcuimhne ar a sinsir agus ar a n-oidhreacht.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.