Scéimeanna maoinithe Oíche Chultúir fógarthá 

Tá dhá scéim maoinithe fógartha anois chun tacú le himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta mar chuid d’Oíche Chultúir 2026, a bheidh ar siúl ar fud na tíre Dé hAoine an 18 Meán Fómhair.

Tá an tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, ag lorg iarratas ó ghrúpaí agus eagraíochtaí taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta chun imeachtaí Gaeilge a reáchtáil mar chuid den cheiliúradh náisiúnta. Is é seo an t-aonú bliain is fiche den tionscnamh, agus tá sé mar aidhm aige líonraí Gaeilge a neartú ar fud an oileáin trí thacaíocht airgid agus phoiblíochta a chur ar fáil. Beidh deontais suas le €250 ar fáil, cé gur féidir cás speisialta a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla.

I measc na réimsí a mbeidh fáilte rompu tá ceol, damhsa, litríocht, scannán, oidhreacht agus na taibhealaíona teangabhunaithe, cé nach gcuirfear disciplíní eile as an áireamh. Is é Dé Céadaoin an 10 Meitheamh, an spriocdháta. Tá foirm ar fáil ag www.antoireachtas.ie

Idir an dá linn tá Ealaín na Gaeltachta tar éis a scéim féin a sheoladh do dhaoine aonair agus do ghrúpaí laistigh den Ghaeltacht, le maoiniú suas le €1,000 ar fáil d’imeachtaí a spreagfaidh rannpháirtíocht an phobail agus an aosa óig. Tá béim faoi leith á cur ar thograí a bheidh inrochtana agus cuimsitheach do chách. Is é Déardaoin an 4 Meitheamh an spriocdháta sa chás sin. Is féidir critéir agus foirm iarratais a fháil ar www.ealain.ie.

Dúirt Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, gur deis thábhachtach í Oíche Chultúir chun “an Ghaeilge mar fhórsa beomhar, cruthaitheach” a chur chun cinn. Léiríonn an dá scéim, dar léi, saibhreas agus fuinneamh phobal cultúrtha na Gaeilge ar fud na tíre.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.