Óige na tíre ag cothú na Gaeilge tríd an bpeil i bPáirc an Chrócaigh

Bhí breis agus 300 peileadóir óg páirteach i lá speisialta GAAgaeilge Go Games i Páirc an Chrócaigh le déanaí, imeacht a chuir béim láidir ar chur chun cinn na Gaeilge tríd an spórt.

Thug an lá deis do pháistí ó chlubanna éagsúla ar fud na tíre páirt a ghlacadh i gcluichí peile i dtimpeallacht spraíúil foghlama lán-Ghaeilge. Bhí an Ghaeilge lárnach i ngach gné den imeacht, idir na treoracha ar an bpáirc, na cluichí féin, agus an chumarsáid idir imreoirí, cóitseálaithe agus eagraithe.

Bhí sé mar aidhm ag an tionscnamh seo muinín a chothú i measc na n-imreoirí óga chun an Ghaeilge a úsáid go nádúrtha agus go neamhfhoirmiúil, go háirithe i gcomhthéacs spóirt, áit a mbíonn fuinneamh agus spraoi i gceist. Chomh maith leis sin, chruthaigh sé deis cairdeas agus do nasc pobail a neartú trí mheán na teanga.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!