Gradaim Shraith Lidl i bPeil na mBan Fógartha

Foireann faoi leith sárimreoirí roghnaithe i ngach roinn, imreoirí ó 15 chontae aitheanta

Cóilín Duffy

Fógraíodh foirne na Shraith Náisiúnta 2026 Lidl i bPeil na mBan Dé Céadaoin, agus roghnú déanta ag coiste scothimreoirí Chumann Pheil na mBan. Léiríonn na foirne a roghnaíodh barr feabhais na n-imreoirí ar fud na gceithre roinn i rith feachtas spleodrach eile.

I roinn 1 is iad Corcaigh agus Gaillimh a threoraíonn an bealach, le cúigear imreoirí an taobh roghnaithe. D’éirigh le Corcaigh séasúr a mhairfidh i gcuimhne na ndaoine a bheith acu agus an chraobh buaite acu den tríú huair déag, ag tarraingt cothrom le Ciarraí ar rolla onóra na sraithe. I measc na n-imreoirí ó Chorcaigh aithníodh tá Melissa Duggan, laoch na himeartha sa chluiche ceannais, chomh maith le Dara Kiniry, Aoife Healy, Katie Quirke agus Áine Terry O’Sullivan. Ar thaobh na Gaillimhe, tá Leah O’Halloran, Brónagh Quinn, Hannah Noone, Nicola Ward agus Kate Slevin san áireamh. Tá triúr roghnaithe ó Phort Láirge, agus ionadaí amháin ag Ard Mhacha agus Ciarraí araon.

I roinn 2 tá Dún na nGall chun tosaigh le seisear imreoirí ar an bhfoireann tar éis dóibh an chraobh a bhuachan. Leanann an Cabhán leo le cúigear, agus tá triúr ó Mhaigh Eo agus imreoir amháin ó Thír Eoghain san áireamh freisin. Léiríonn sé seo an iomaíocht ghéar a bhí sa dara roinn i mbliana.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.