San alt seo foghlaimeoimid faoin tríú cathair is mó in Éirinn, Cathair Chorcaí.
Creidtear gur Naomh Fionnbharra a bhunaigh an chathair sa séú haois mar lonnaíocht mhainistreach. Sa deichiú haois agus le teacht na Lochlannach rinneadh forbairt ar an gcathair. Thug rí ó Shasana, Eoin, cairt don chathair in 1185. Is ag an am seo a tógadh na ballaí timpeall na cathrach. I rith na Meánaoiseanna bhí 2,100 de dhaonra ann. Bualadh Corcaigh go dona sa Phlá Mhór. Tráth dá raibh bhí méara i gceannas ar Chorcaigh. In 1900 nuair a tháinig banríon na Ríochta Aontaithe, Victoria, ar cuairt athraíodh teideal an mhéara go hardmheara, teideal atá fós ann inniu. Scrios na Dúchrónaigh lár na cathrach le linn Chogaidh na Saoirse. Meastar go raibh an costas thart ar 150 millúin euro in airgead an lae inniu ar an scrios sin.
Tagann focal Gaeilge is ea “Corcaigh”, ó “corcach”, a chiallaíonn “portach” i nGaeilge an lae inniu. Focal baininscneach is ea “corcach”, agus mar a dhéantar lena lán focal den chineál seo, nuair a bhaintear úsáid as mar logainm cuirtear sa tuiseal tabharthach, “Corcaigh”. Is tagairt é “corcach” don chineál talaimh atá le fáil ar bhruacha Abhainn na Laoi. Tá clú ar Chathair Chorcaí i dtaobh tuilte móra a dhéanann praiseach cheart de lár na cathrach, nuair a bhíonn taoide tuile agus báisteach throm ann. Tá cáil ar Chontae agus Chathair Chorcaí as tírghrá na ndaoine ó thréimhse na Lochlannach anuas. Dá bharr seo, is minic a dtugtar reibiliúnaigh ar mhuintir Chorcaí mar leasainm. Tá sé de nós ag muintir Chathair Chorcaí “an fhíor-phríomhchathair” a thabhairt ar chathair a ndúchais freisin. Is minic a fheictear t-léinte nó postaer leis na focail “Daonphoblacht Chorcaí”.
Tá clú agus cáil ar an gcontae maidir le cluichí CLG. Tá Contae Chorcaí i measc na gcontaetha ina n-imrítear peil agus iomáint go forleathan agus rath orthu. Bhuaigh Corcaigh craobh na hÉireann san iomáint 30 uair, an uair dheireanach in 2005. Bhuaigh siad craobh na hÉireann sa pheil 7 n-uaire, an uair dheireanach in 2010.
Ceisteanna buntuisceana
- Cathain a bunaíodh Cathair Chorcaí?
- Cé a bhunaigh an chathair?
- Cad is ciall leis an ainm “Corcaigh”?
- Cén leas-ainm a thugtar ar mhuintir Chorcaí?
- Cén leas-ainm a thugtar ar an gcathair?
- Scríobh 4 phointe eolais maidir le CLG i gCorcaí.