Mír ghramadaí: Réamhfhocail 5

Réamhfhocail éagsúla eile

fúmuaimromhamdíom
fútuaitromhatdíot
faoi, fúithiuaidh, uaithiroimhe, roimpide, di
fúinnuainnromhainndínn
fúibhuaibhromhaibhdíbh
fúthuuathurompudíobh

Roinnt frásaí leis na réamhfhocail seo:

Ná bíodh eagla ort romhamTá cabhair uainn
Tá fáilte romhatGlac seo uaim
Cad a dúirt tú faoi?Nílimid ag caint fúibh
Tá sé ag magadh fúthuFiafraigh di an bhfuil sí ag teacht.
An dteastaíonn airgead uaibhNá bí ag labhairt fúithi

Samplaí de réamhfhocail éagsúla seo leis an alt:

An córas lárnach

  • faoin bhfuinneog bheag
  • ón mbaile beag
  • roimh an gcéilí mór
  • tóg den urlár salach é
  • cuir fáilte roimh an sagart
  • ag magadh faoin mbuachaill soineanta

Córas an tséimhithe (Gaeilge Uladh)

  • faoin fhuinneog bheag
  • ón bhaile bheag
  • roimh an chéilí mhór
  • tóg den urlár shalach é
  • cuir fáilte roimh an tsagart
  • ag magadh faoin bhuachaill shoineanta

Líon na bearnaí sna habairtí seo:

  • Bhí eagla _____ Phádraig _________ an madra.
  • D’fhiafraigh mé ______ m’athair an mbeadh an dinnéar réidh _______ an scannán.
  • D’iarr mé ar mo mháthair airgead a thabhairt ______ mar bhí lón ag teastáil _______.
  • Chuala mé an príomhoide ag caint _______ ar an bhfón le mo mháthair agus bhí imní ________.
  • Bhí orthu siúl tríd an reilig san oíche agus bhí eagla an domhain _______.
  • Fiafraigh _______ an mbeidh sí sásta dul chuig an gcéilí leat.
  • Bhí náire an domhain air mar bhí gach duine ag caint ________.
  • Nuair a chuala mé an drochscéal bhí brón ________.
  • Nuair a tháinig an fhoireann bhuacach abhaile chuir an slua fáilte ________.
  • Ná bíodh eagla ort _________. Níl ann ach madra beag.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.