Gradaim bronnta ar mhic léinn as cur chun cinn na Gaeilge ar champais na hÉireann

Bronnadh gradaim ar mhic léinn agus ar chumainn Ghaelacha ó ollscoileanna ar fud na tíre le déanaí ag searmanas speisialta a thug aitheantas don obair fhíorthábhachtach atá ar bun acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn i saol an tríú leibhéal. Bhí atmaisféar ceiliúrtha le brath agus mic léinn, ionadaithe ó aontais na mac léinn agus lucht tacaíochta na teanga bailithe le chéile chun buíochas a ghabháil as an iarracht agus as an díograis a léirigh rannpháirtithe i rith na bliana.

Bhí an ócáid dírithe ar dhá phríomhthionscnamh: an scéim Gníomhaí Gaeilge agus comórtas Glór na gCumann, a chuireann béim ar rannpháirtíocht, ar cheannaireacht agus ar chruthaitheacht i measc daoine óga. Bhí Storm Eaton Killgallen ina bean an tí ar an oíche, agus thug sí fuinneamh agus spleodar don searmanas agus í ag treorú an lucht féachana trí chlár lán d’aitheantas agus d’inspioráid.

Thug James Knoblauch, Bainisteoir an chláir Foraois agus iar-mheantaí, príomhaitheasc na hoíche. Labhair sé go paiseanta faoin ról atá ag pobail agus ceannaireacht i gcur chun cinn na Gaeilge i measc an aosa óig, ag cur béim ar an tionchar dearfach a bhíonn ag mic léinn nuair a ghlacann siad úinéireacht ar a dteanga féin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!