Scannán nua Rith Maith le taifeadadh i nGaeltacht na nDéise an samhradh seo

Cóilín Duffy

Tá scannán nua Gaeilge dar teideal Rith Maith le taifeadadh i nGaeltacht na nDéise ag tosú ag deireadh mhí an Mheithimh, agus tá an léiriúchán ag lorg aisteoirí anois do dhá phríomhpháirt sa scéal. Is í Ailbhe Nic Dhonnacha atá ina stiúrthóir ar an tionscadal, agus is é Oisín Mistéil a scríobh an gearrscannán.

Is scannán drámatúil é Rith Maith a leanann fear a théann amach ag rith ar maidin i nGaeltacht na nDéise ach a chasann ar chonairí míchearta agus a aimsíonn é féin i mbaol báis de réir mar a théann an lá ar aghaidh. Dar le Nic Dhonnacha, tá gnéithe níos doimhne sa scéal chomh maith, go háirithe géarchéim tithíochta na Gaeltachta. “Tá sé thar a bheith tráthúil,” a dúirt sí le An Páipéar, “agus is ábhar é a bheidh linn go ceann i bhfad eile.”

Tá nasc láidir ag an scannán leis an oideachas trí Ghaeilge agus leis an earnáil chruthaitheach sa Deisceart. Is iarscoláirí iad an stiúrthóir agus an scríbhneoir den chúrsa iarchéime i Léiriú Teilifíse agus na Meán Digiteach a reáchtáiltear i gcomhar idir Nemeton agus SETU (Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt). Léiríonn an tionscadal seo an nasc leanúnach idir daltaí an chúrsa sin agus forbairt na scannánaíochta Gaeilge sa réigiún.

Tá bród ar leith ar Nic Dhonnacha filleadh ar a ceantar dúchais chun an scannán seo a dhéanamh, tar éis di blianta a chaitheamh ag obair sa tionscal, lena n-áirítear tréimhse leis an tsraith Ros na Rún. Dar léi, is deis í seo an Ghaeltacht áitiúil a chur i lár an aonaigh arís agus a scéalta féin a insint.

Beidh an scannán suite go hiomlán i nGaeltacht na nDéise, áit a bhfuil cáil ag dul i méid mar lárionad don léiriú teilifíse agus scannánaíochta. Luaigh Nic Dhonnacha gur spreag áilleacht an cheantair agus an tallann áitiúil í chun an scéal a lonnú ann.

Faoi láthair, tá an fhoireann ag lorg beirt aisteoirí don dá phríomhpháirt: bean sna fichidí nó sna tríochaidí agus fear sna seascaidí nó sna seachtóidí. Tá béim ar leith ar chainteoirí Gaeilge agus ar an gcanúint áitiúil, ach tá fáilte roimh dhaoine gan taithí aisteoireachta freisin.

Tá sé i gceist an scannánaíocht a dhéanamh ó dheireadh mhí an Mheithimh ar aghaidh, agus táthar ag súil go gcuirfidh an tionscadal seo go mór le hinfheictheacht na Gaeilge agus le forbairt na hearnála cruthaithí i nGaeltacht na nDéise.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.