Ceardchumann ag bagairt stailceanna

Eoin Ó Murchú

Thug ionadaithe ceardchumainn rabhadh go bhféadfaí gníomhaíocht thionsclaíoch agus stailceanna a dhéanamh mura n-éistfear le hábhair imní na n-oibrithe, agus chuir siad i leith an rialtais go dtugann sé tosaíocht do leasanna gnó thar chaighdeáin mhaireachtála na n-oibrithe.

Bhí Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann, Owen Reidy, ag labhairt faoin socrú a rinne an rialtas le stop a chur le agóidía breosla ar fud na tíre.

Thug Reidy rabhadh go gcuirfear an pacáiste tacaíochtaí breosla ar luach €505 milliún, a fógraíodh i ndiaidh na n-agóidí ag feirmeoirí agus iompróirí lastais an tseachtain seo caite, san áireamh i gcaibidlí pá ar fud earnálacha uile an gheilleagair an bhliain seo chugainn.

Dúirt Reidy go raibh “ár dteachtaireacht don rialtas inniu soiléir: stopaigí ag géilleadh d’éilimh ghnó ar chostas chaighdeáin mhaireachtála na n-oibrithe.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!