Cás tógtha in éadan iarcheannaire Shinn Féin
Tá triúir íospartach a d’fhulaing mar gheall ar bhuamaí de chuid an IRA i Sasana ag tabhairt cás sibhialta in aghaidh Ghearóid Mhic Ádhaimh.
Tá an triúr ag lorg rialú go bhfuil Mac Ádhaimh freagrach go pearsanta as cinntí buamaí a chur i gcarranna i Londain agus i Manchain in 1973 agus 1996.
Tá siad ag cur an dlí air ar son £1 mar dhamáistí ainmniúla.
Dúirt Mac Ádhaimh nach raibh aon bhaint dhíreach ná indíreach aige leis na heachtraí agus diúltaíonn sé go raibh sé riamh ina bhall den IRA.
Tá an cás a éisteacht i gcúirt i Londain agus táthar ag dréim go mairfidh sé seacht lá.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!