Bhfuil Trump ag lorg bealach as an gcogadh anois?

Eoin Ó Murchú

An ndeachaigh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, thar fóir nuair a chuir sé tús le cogadh iomlán ar an Iaráin? Is léir ó na chéad chomharthaí nach bhfuil ag éirí leis an bplean mar a bhí beartaithe, ach an mbeidh Trump in ann é féin a shaoradh as an bpraiseach seo?

In ainneoin an bhladhmainn, tá an Iaráin ag seasamh an fhóid i gcónaí. Deir Trump go bhfuil an cabhlach scriosta, an t-aerfhorsa scriosta, an córas cumarsáide scriosta. Ach fós tá an Iaráin in ann diúracáin a chaitheamh le hIosrael agus le bunáiteanna míleata Mheiriceá sa Murascaill.

Ní hamháin sin ach tá an Iaráin in ann dróin úra a tháirgeadh i monarchana faoi thalamh nach bhfuil scriosta ag na Meiriceánaigh go fóill.

Ach níos tábhachtaí i bhfad tá Caolas Hormuz dúnta i gcónaí ar thancaeir ola.  Tá táirgeadh ola go deimhin stoptha ar fad i roinnt stát sa Mhúrascaill agus gearrtha siar go mór i gcinn eile. Tá praghas na hola ardaithe as cuimse, agus tá gás ardaithe níos mó fós, agus tá tionchar na n-arduithe sin le tabhairt faoi deara i Meiriceá féin, agus ar ndóigh san Eoraip agus in Éirinn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!