- Úsáidtear an aimsir chaite nuair a dhéantar tagairt do rudaí a tharla cheana. Mar shampla, inné, an tseachtain seo caite, anuraidh.
- Tá an aimsir chaite ar cheann de na haimsirí is éasca. Tá cúpla riail shimplí le foghlaim.
Rialacha
- Cuirtear séimhiú ar bhriathar dar tús consan más féidir, mar shampla, cuir – chuir mé. Ní féidir séimhiú a chur ar na litreacha l, n, r.
- Cuirtear d’ roimh bhriathar dar tús guta, mar shampla, fill – d’fhill mé
- Nuair a chuirtear ceist san aimsir chaite cuirtear séimhiú ar bhriathar rialta dar tús consan, féach – ar fhéach?
- Ní dhéantar aon athrú ar fhoirm cheisteach de bhriathar dar tús guta, oscail – ar oscail?
Ceisteanna
Cuir na briathra sna lúibíní san aimsir chaite.
- (Cuir) mé mo leabhair i mo mhála scoile.
- (Dún) an cailín an fhuinneog ar an mbus.
- (Tóg) m’athair an madra amach ar maidin.
- (Bris) an buachaill a pheann.
- (Pioc) an fear an bláth inné
- (Cas) mé timpeall agus bhí mé i dtrioblóid.
- (Seas) (muid) suas
- (Caill) (muid) an cluiche aréir.
- (Goid) an gadaí an t-airgead
- Ar (buail) tú leo an tseachtain seo caite.