
Rugadh Breandán Mag Loingsigh in Ard Mhacha in 1940 agus thosaigh sé ag seinm na fidle ag 12 bliain d’aois.
Níorbh fhada gur tosaíodh ag bronnadh duaiseanna air, agus bhuaigh sé Fleadh Cheoil na hÉireann in 1962. Bhí stíl fhileata chruinn agus beagán clasaiceach aige. Maidir leis an gcruinneas, dúirt sé in agallamh le Fiddler Magazine go mbeadh sé míshásta nuair a thosódh daoine an port seo ar an nóta G, agus gur cheart tosú leis an trírín EFG.
Thart ar aois 18, bhog sé go Londain agus d’fhan sé ina chónaí in Sussex go dtí gur fuair sé bás in 2020.