Tá níos mó ná raic Dhála ann; tá béasa na polaitíochta faoi stró

Eoin Ó Murchú

Raic chainte sa Dáil arís! Ach an faoi dhaonlathas agus cómheas ar rialtas agus freasúra atá sé, nó faoi ocht nóiméad a thabharfaidh cead cainte do chúlbhínseoirí a raibh a gcearta séanta orthu go dtí seo?

Go bunúsach tá daonlathas na Dála bunaithe ar ghlacadh ag rialtas agus freasúra le rialacha imeachta. Cinnte, tá móramh ag an rialtas. Is é sin a dhéanann rialtas díobh. Ach ní shin le rá gur féidir leo, nó go mba cheart dóibh, rialacha nua a chumadh a oireann dóibh féin agus nach bhfuil aon ghlacadh ag an bhfreasúra leo, agus iad a bhrú tríd gan aon aird acu ar dhearcadh an fhreasúra.

Caithfidh mé a rá nach gcreidim an chaint seo faoi chearta cúlbhínseoirí. Níor léirigh aon rialtas riamh roimhe spéis dá laghad sa scéal sin, fiú nuair a cuireadh tús leis an raic seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!