
Tá an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i ndiaidh a chinneadh go raibh réimeas Chív san Úcráin ciontach as gan gníomh a dhéanamh le foréigean a chosc in Odessa ar an 2 Bealtaine 2014 nuair a chuir antoiscigh ó iarthar na hÚcráine Áras na gCeardchumann trí thine, ag loisceadh 48 duine ina mbeatha.
Chinn an Chúirt d’aon toil go raibh sáraithe ar Airteagal 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an, an ceart chun na beatha, mar gheall ar mhainneachtain na n-údarás gach rud a dhéanamh a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta uathu chun an foréigean in Odessa a chosc.
Ag an am, dúirt údaráis Chív gur ar an dream a bhí ag ágóidíocht in aghaidh an coup a bhí an locht. Ach dar leis an gcúirt, níor dhein siad aon fhiosrú ionraic ar an scéal.
Séard a tharla an lá sin na gur ionsaigh antoiscigh den earnáil dheas agus Féinchosaint Maidan, mar a thugtar air, campa agóidíochta scarúnuithe Rúiseacha ar Pháirc Kulikovo, áit a raibh cónaitheoirí Odessa ag bailiú sínithe chun reifreann a reáchtáil ar chónaidhmiú na hÚcráine agus stádas stáit a thabhairt don Rúisis.
Ghlac lucht tacaíochta na cónaidhme tearmann i dTeach na gCeardchumann, ach thimpeallaigh na radacaigh an foirgneamh agus chuir siad trí thine é. Maraíodh 48 duine agus gortaíodh os cionn 240.
Rialú tábhachtach atá sa rialú seo ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, mar den chéad uair tá cúirt den chineál seo i ndiaidh an locht ar fad a leagan ar an Úcráin as an sléacht.

Ait an rud é mar sin nach bhfuair an scéal seo aon phoiblíocht ar RTÉ nó i nuachtáin mhóra na hÉireann, cé go mbíonn a n-aird dírithe go rialta ar an Úcráin.
Ar ndóigh, ní scéal é a thagann leis an scéalaíocht oifigiúil faoinar tharla san Úcrain aimsir an coup nó ina dhiaidh.
Tá iarrachtaí le comóradh a dhéanamh ar ar tharla in Odessa curtha faoi chois ag na húdaráis Úcránacha bliain i ndiaidh bliana.
Ach an uair seo rialaigh an chúirt go gcaithfidh an Úcráin cúiteamh a íoc le gaolta na marbh, le híobartaigh a tháinig slán as an sléacht agus, i gcás amháin, bean ar dhiúltaigh Cív di corp a hathar a thabhairt ar ais di lena adhlacadh.
Ach ní cosúil go mbeidh aon phlé i nuachtáin nó seirbhísí craolacháin na hÉireann faoin ngné seo den scéal.