Cathal Ó Murchú In Belém in oirthuaisceart na Brasaíle, in aice le béal na hAmasóine, an abhainn is mó ar domhan, tá ostáil á dhéanamh ar an tríochadú comhdháil athrú aeráide de chuid na Náisiún Aontaithe, nó COP30 mar is fearr aithne uirthi. D’fhógair Uachtarán na Brasaíle Luiz Inácio Lula da Silva in Sharm el-Sheikh…

Insealbhaíodh an deichiú Uachtarán ar Éirinn, Catherine Connolly, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Jack Mac ÍomhairIs deireadh ré atá ann agus Mícheál D Ó hUigínn ag fágáil slán le hÁras an Uachtaráin i ndiaidh dó ceithre bliana déag a chaitheamh ansin. Beidh roinnt cuimhní maithe ag an tír ar an Uachtarán atá anois 84 bliain d’aois.…
Eoin Ó Murchú Den dara bhliain as a chéile leag Michelle O’Neill, Céad-aire Fheidhmeannas an tuaiscirt, bláthfhleasc ag ócáid chuimhneacháin de chuid na Ríochta Aontaithe ag an leacht cuimhneacháin i mBéal Feirste. Dhearbhaigh sí arís gur ag déanamh ionadaíocht ar gach taobh den phobal a bhíonn sé mar chéad-aire, agus go dtuigeann sí go bhfuil…
Jenna Goulding D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Óige plean gnímh don Ghaeilge i scoileanna Béarla agus polasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht an tseachtain seo caite. Cuirfear an plean gnímh i bhfeidhm le linn tréimhse ama dhá bhliain ó 2025 go 2027. Tacóidh sé le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna. Leagtar amach sa phlean gnímh…
Beidh an tionscadal FLOURISH ag ceiliúradh agus ag amharc ar oidhreacht Ghaelach agus Albanach Chúige Uladh Jack Mac Íomhair Seoladh an rionscadal FLOURISH go hoifigiúil in Ollscoil Uladh, Béal Feirste Dé Máirt. Díreoidh an tionscadal seo ar an lhuach dearfach a bhaineann le cultúir agus teangacha na hÉireann agus na hAlban. Beidh rannpháirtithe ón phobal,…
Eoin Ó Murchú Is léir don dall, measaim, go bhfuil praiseach déanta ag an rialtas de scéal na hinimirce. Ábhar náire don chuid is mó ar fad dínn na círéibeacha ciníocha agus bagairtí foréigin, ach tá fíorfhadhbanna ann agus ábhar ceart díospóireachta. Is fuath liom ciníochas, beag a dhéanamh de dhaonnacht duine eile toisc gur…
Mar a luadh in eagrán 53 táimid bliain ar an bhfód agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil libh a léitheoirí as bhur dtacaíocht leanúnach tríd an mbliain. Is nuachtán neamhspleách sinn nach bhfaigheann aon bhunmhaoiniú ón stát agus níl aon mhórnuachtán taobh thiar dínn ach an oiread. Is é An Páipéar an t-aon…

Bhailigh breis agus 120 duine i bPort Laoise Dé Sathairn seo caite don Tionól Teagaisc a d’eagraigh Oide, imeacht a thug le chéile múinteoirí, ceannairí scoile, eagraíochtaí oideachais agus gnólachtaí Gaeilge ó gach cearn den tír. Bhí atmaisféar dearfach foghlama le brath ar feadh an lae, agus deis ag rannpháirtithe teacht ar smaointe nua, ar…
An 13 go dtí an 16 Samhain 2025. Dé hAoine an 14 Samhain Ceardlanna Amhránaíochta & Damhsa ar an sean-nós sna scoileanna i rith an lae. 19:00: Comórtais Amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine ógaFaoi 9 – Corn Chuimhneacháin MhaidhcStiofáinínFaoi 12 – Corn Chuimhneacháin Phádraig Ó DálaighFaoi 15 – Corn Chuimhneacháin Dharach Uí ChatháinFaoi 18…
Baile Átha Cliath, an 8 go dtí an 23 Samhain 2025. Dé Luain an 17 Samhain 18:00 Áine Ní Ghlinn, Agallamh poiblí i gcomhrá leis an Ollamh Michael CroninBooks Upstairs, 17 Sráid D’Olier, Baile Átha Cliath 2Cead isteach €10Ticéid ar Eventbrite 20:00 Beatha agus ceol Aogáin Uí RathailleSmock Alley, Sráid an Mhalartáin, Barra an Teampaill…