Tá próiseas síochána tosaithe in Gaza agus is maith sin. Aon rud gur féidir stop a chur leis an marú is é is fearr é. Feicim go bhfuil Rialtas na hÉireann chun €6 mhilliún de chúnamh daonnachta a chur ar fáil do Gaza agus go bhfuil an rialtas sásta coimeádaithe síochána a sheachadadh go Gaza…
A Eagarthóir, a chara Agus muid ag teannadh le deireadh an fheachtais Uachtaránachta go gairid, níl íontas orainn go bhfuil Catherine Connolly fós chun tosaigh. Níl comparáid ar bith idir í féin agus na hiarrthóirí eile: an tUasal Gavin éirithe as, cé gur labhair ceannaire Fhianna Fáil ar a shon leis na meáin gach lá,…
Dé hAoine an 17 Deireadh Fómhair Lámha CruthaitheachaEalaín le Caitlín do thuismitheoirí agus páistí3.15 go 4.45pmSeomra Poiblí, Tóin re Gaoith, Maigh EoNíl aon chostas ar an ócáid, ach caithfear clárú roimh ré le:siobhan@tuismitheoiri.ie nó 085 8339491Arna eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta Scannán, Aontas6 pmPictiúrlann Chill AirneMar chuid d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí Safari na nlaltógFoghlaim faoi…
Is é Éirí amach sa GPO 1983 & Scéalta Eile an seó scéalaíochta is déanaí ón scéalaí clúiteach Risteard Ó Laoghaire. Cuirfear i láthair é i nGaeilge i mBéal Feirste sa Ledger Studio ón 30 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain le teacht leis an Oireachtas ag deireadh na míosa seo. Éirí Amach sa…
Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fhógairt go bhfuil gradam Fhoireann na Bliana buaite ag ár bhFoireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus na hInmharthanachta ag Gradaim Cheannasaíochta Athraithe Aeráide 2025. Bhí searmanas na ngradam ar siúl Dé hAoine an 3 Deireadh Fómhair sa Royal Marine Hotel i nDún Laoghaire, chun ceiliúradh…
Is féile nua é Splanc a bheidh ag tarlú i gcroílár Bhaile Átha Cliath 7 ón 24 go dtí an 26 Deireadh Fómhair 2025, arna eagrú ag grúpa nua pobail deonach, Craobh Bhaile Átha Cliath 7, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair Oíche Dé hAoine beidh shaibhreas…
Stiofán Ó Briain Comhghrúpa ealaíne do scríbhneoirí agus cruthaitheoirí LADTA+ a bhíonn ag saothrú trí Ghaeilge is ea AerachAiteachGaelach (AAG). Is é an fhís atá ag AAG cur leis an ionadaíocht a dhéantar ar scéalta aiteacha i litríocht agus ealaíona na Gaeilge. Tugann baill an ghrúpa aghaidh dhásachtach ar sheancheist Eoin Póil in úrscéal cáiliúil…
Tá podchraoladh nua dátheangach ag tarraingt airde i saol na meán Gaeilge agus LADT+, agus é ag gealladh meascán de ghreann, spraoi agus díospóireacht fhiáin faoi chúrsaí an tsaoil. Tugtar gaylinn ar an gclár, atá urraithe ag Camile Thai, agus is iad Cian Griffin, Ciarán Murphy agus Cathal O’Sullivan a threoraíonn an lucht éisteachta trí…
Ionsaí le 3,100 drón, 92 diúracán, agus 1,360 buama faoileitilte déanta in aon seachtain amháin Dara Ó Baoill Tá feachtas an fhómhair ag an Rúis i gcoinne córas fuinnimh na hÚcráine tosaithe arís, mar a tharla gach geimhreadh ó thosaigh an cogadh lánscála in 2022. Ar an 10 Deireadh Fómhair, seoladh thart ar 465 drón…
Tá deontas €2.1 milliúin le bronnadh ar chuibhreannas atá faoi stiúradh ag Fortis Medical, cliantchomhlacht d’Údarás na Gaeltachta, in éineacht le hOllscoil na Míochaine agus na nEolaíochtaí Sláinte RCSI agus Smart Electronics. Faoi stiúradh Fortis Medical Devices, mac-chuideachta d’Ollscoil na Gaillimhe atá lonnaithe sa Spidéal, beidh deis ag an gcuibhreannas dul chun cinn mór a…