An dorchadas mar arm: plean na Rúise meanma na nÚcránach a ísliú arís an geimhreadh seo

Ionsaí le 3,100 drón, 92 diúracán, agus 1,360 buama faoileitilte déanta in aon seachtain amháin

Dara Ó Baoill

Tá feachtas an fhómhair ag an Rúis i gcoinne córas fuinnimh na hÚcráine tosaithe arís, mar a tharla gach geimhreadh ó thosaigh an cogadh lánscála in 2022.

Ar an 10 Deireadh Fómhair, seoladh thart ar 465 drón agus 32 diúracán thar oíche; cé gur leag trúpaí cosanta aeir na hÚcráine 405 drón agus 15 dhiúracán, bhain an t-ionsaí “os cionn 10 n-áis phríomh-bhonneagair” amach agus gearradh soláthar leictreachais i naoi réigiún ar a laghad, lena n-áirítear Cív, de réir Reuters.

I gcás an tsoláthróra phríobháidigh is mó i dtionscal fuinnimh na hÚcráine rinneadh ceithre ionsaí le seachtain. I dteachtaireacht ar a chuntas LinkedIn Dé hAoine scríobh ceannasaí DTEK, Maxim Timchenko, “Bhí ionsaí na hoíche aréir ina ghéarú tromchúiseach ar fheachtas na Rúise i gcoinne córas fuinnimh na hÚcráine.”

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!