Cathal Ó Murchú Dé Céadaoin seo caite bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara mar is fearr aithne air, ón ngrúpa rapcheoil Gealach Kneecap, os comhair na cúirte i Londain Shasana mar gheall ar chúis sceimhlitheoireachta. Bhí slua mór lasmuigh de Chúirt Dúiche Westminster i lár Londan, le breis is dhá mhíle de lucht…
Eoin Ó Murchú Tá conradh ar luach 60 milliún euro sínithe ag Éirin leis an gcomhlacht Francach Thales DMS le córas sonóire a fháil do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann a bheidh in ann fomhuireáin faoi uisce a bhrath chun cabhrú cháblaí faoi uisce a chosaint. In ainneoin go bhfuil an comhlacht seo ceangailte le fórsaí…
Domhnall Mac Concharraige Tá Lefroy House, atá suite ar Ché Éidin i mBaile Átha Cliath, mar bhrú do dhaoine gan dídean ar feadh blianta fada. Tógadh an foirgneamh in 1925 tar éis don fhoirgneamh a bhí ar an suíomh a bheith scriosta le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Is foirgneamh trí stór é ina…
Tá feachtas úr tosaithe, i gcomhar leis an Cheardchumann Unite, atá ag iarraidh áit níos sábháilte a dhéanamh d’oibrithe san earnáil fáilteachais Jack Mac Íomhair Cuireadh tús le feachtas úr ar na mallaibh chun brú a chur ar pholaiteoirí agus úinéirí bainteach leis an earnáil fáilteachais sna 6 chontae chun cosc a chur ar chiapadh…
Cruinniú comhairliúcháin phoiblí as Gaeilge sna Forbacha Reáchtálfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail cruinniú comhairliúcháin phoiblí as Gaeilge, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta in Óstán Chósta Chonamara sna Forbacha, Co. na Gaillimhe, Déardaoin an 26 Meitheamh ó 10 am go 1:30 pm chun bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile de bheartas…
Eoin Ó Murchú Bhailigh na mílte le chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite lena míshástacht a chur in iúl i dtaobh phlean an rialtais deireadh a chur leis an nglas triarach, an polasaí a chuireann iachall ar an rialtas sainordú na Náisiún Aontaithe a fháil sula nglacfaidhn an stát aon pháirt in…
Is deartháireacha iad Le Boom, Christy agus Andy, as an Uaimh. Tá cáil orthu as a gcuid ceoil damhsa ardfhuinnimh agus réabhanna rúnda. Jenna Goulding Tá Le Boom ag treochtáil ar TikTok ó eisíodh Hot Gael Summer. San agallamh seo, thug siad léargas ar a gcúlra leis an nGaeilge agus tuilleadh sonraí faoina ngig le…
Conradh €6.2m sa Nua-Shéalainn agus comhpháirtíocht i Meiriceá Thuaidh, léiriú ar an ngaisce atá á dhéanamh ag comhlacht ón nGaeltacht Fuair Turmec conradh €6.2 milliún ó Chomhairle Cathrach Dhun Éideann sa Nua-Shéalainn. Beidh siad ag obair le comhlacht áitiúil darb ainm The Environmental Group Limited chun meaisíní speisialta sórtála a chur ar fáil d’ionad nua…
Tá an Meánoirthear ina chíor thuathail ag Iosrael arís, agus is cosúil nach bhfuil deireadh leis an scrios agus an bás atá meáite ag Iosrael a fhearadh ar stáit an réigiúin. Tá ionsaí dána místuama déanta ag Iosrael, ag iarraidh réimeas na hIaráine a scrios, agus máistreacht Iosrael ar an réigiún ar fad a chinntiú.…
Is cinnte go bhfuilimid i lár shéasúr na bhféilte ceoil i láthair na huaire. Beidh féilte ceoil, idir chinn bheaga agus ollfhéilte, ar siúl gach deireadh seachtaine áit éigin sa tír idir anois agus an fómhar. Bíonn réimse leathain ceoil, cuir i gcás snagcheol, ceol traidisiúnta, ceol tíre, rac-cheol, agus ceol leictreonach, le sonrú mar…