Brabús ór le déanamh ag Arm an tSlánaithe tar éis Lefroy House i mBaile Átha Cliath a chur ar díol

Domhnall Mac Concharraige

Tá Lefroy House, atá suite ar Ché Éidin i mBaile Átha Cliath, mar bhrú do dhaoine gan dídean ar feadh blianta fada. Tógadh an foirgneamh in 1925 tar éis don fhoirgneamh a bhí ar an suíomh a bheith scriosta le linn Éirí Amach na Cásca 1916. Is foirgneamh trí stór é ina bhfuil 36 seomra i dteannta le háiseanna cócaireachta agus cithfholcadáin. Bhí an foirgneamh ag feidhmniú mar bhrú go dtí 2020 nuair a dúnadh é mar gheall ar chostais riaracháin arda. Anois tá sé fógartha go bhfuil sé ar díol agus tá 3.75 millúin á lórg ag na húinéirí, Arm an tSlánaithe.

Fágadh an foirgneamh folamh tar éis 2020 le linn phaindéim COVID-19 go dtí 2022 nuair a ghlac grúpa agóide seilbh air chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim thithíochta. D’athainmnigh an grúpa suiteoirí an foirgneamh mar Theach Shéamais Uí Chonghaile agus chuir siad leapacha ar fáil do dhaoine gan dídean. Chomh maith leis sin d’eagraigh siad cainteanna, ranganna Gaeilge agus grúpa léitheoireachta. Tuairiscíodh go raibh sé i gceist ag Arm an tSlánaithe an foirgneamh a dheisiú chun é a úsáid mar lóistín do theifigh ón Úcráin. Dhiúltaigh an grúpa suiteoirí go raibh seo amhlaidh, ag rá nach raibh fianaise ar bith ann go raibh obair athchóirithe ar siúl.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.