Eagrán #14 (2025-01-31)

  • Eagarfhocal #14

    Is cosúil go bhfuil Gaeltacht Chonamara Theas ar na ceantair is mó atá buailte ag an stoirm Éowyn, agus daoine fágtha gan chumhacht agus, go forleathan, gan uisce ar feadh níos mó ná seachtain. Agus bhí an scéal céanna ann in an-chuid áiteachaí san iarthar agus i lár na tíre. Bhí an freasúra ag iarraidh…

  • Comhfhreagras #14

    Cá bhfuil an Ghaeilge? Easpa Forógraí as Gaeilge in Olltoghchán 2024 Tá áthas agus dóchas agam go bhfuil Dara Calleary ceaptha mar aire sinsearach, freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus seo an chéad uair dá leithéid ó 2011. Is léir go bhfuil suim mhór ag Dara i gcúrsaí Gaeilge agus líofacht réasúnta maith aige…

  • Imeachtaí Gaeilge

    Imeachtaí Gaeilge

    Dé hAoine an 31 Eanáir Ceardlann cros Bhríde agus ceiliúradh ImbolgÁ heagrú ag Tadhg Ó CruadhlaoichAm lóinSaorchead isteachIonad Buail Isteach, Siopa Uí Chonghaile, Sr. Essex Thoir, BÁC 2Fáilte roimh chách Imbolc agus BrídScéalaíocht le Dubhán Ó LongáinDéantús crosóg, tae agus plé12.30 go 1.30 pmOifig Líonra Leitir Ceanainn, 7 Sráid an Chaisleáin Ceardlann ag déanamh cros…

  • Cultúrlann don Nás agus na Solláin?

    Cultúrlann don Nás agus na Solláin?

    Kerron Ó Luain Tá sé i gceist ag lucht Chill Dara le Gaeilge cultúrlann a fhorbairt sna blianta amach romhainn. Seoladh dara plean teanga an ghrúpa an bhliain seo caite. Tá ceithre réimse luaite sa phlean – an phleanáil teanga, an Ghaeilge sa phobal (Teaghlaigh Chill Dara san áireamh), scéim gnó (Gnó Chill Dara) agus…

  • Lá Fhéile Bríde

    Lá Fhéile Bríde

    Domhnall Mac Concharraige Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas. Seo chugainn an t-earrach. Agus Lá Fhéile Bríde buailte linn tosóidh na laethanta ag éirí níos faide agus de réir a chéile (tá súil againn) beidh na laethanta níos teo. Go traidisiúnta is é Lá Fhéile Bríde an chéad lá den…

  • Na hÉireannaigh Óga agus an Cumann Reipéil i mBéal Feirste, 1846-1848

    Na hÉireannaigh Óga agus an Cumann Reipéil i mBéal Feirste, 1846-1848

    An Dr Kerron Ó Luain Ba thréimhse chorraitheach é lár an 19ú haois don náisiúnachas in Éirinn, go háirithe i gCathair Bhéal Feirste. Bhí tionchar ag na coimhlintí idir na hÉireannaigh Óga agus lucht leanúna Dhónaill Uí Chonaill idir 1846 agus 1848 ar fhorbairt an náisiúnachais sa chathair as sin amach. Bhí Béal Feirste ina…

  • Traidisiúin eile Lá Fhéile Bríde

    Traidisiúin eile Lá Fhéile Bríde

    Léargas ar na traidisiúin nach bhfuil chomh coitianta céanna a bhaineann le Lá Fhéile Bhríde Caoimhín Ó Cadhla Tá na gnáththraidisiúin pléite i gcolún léamhthuisceana na seachtaine seo. Breathnóimid anseo ar na traidisiúin nach bhfuil chomh coitianta céanna leo. Crosóg Bhríde Crosóg Bhríde, a deir tú, nach é sin an traidisiún is coitianta a bhaineann…

  • Crosfhocal #14

    Crosfhocal #14

    Trasna 1. Cúr as béal duine mhairbh (5)9. An duine a bhaineann na barra, litriú malartach (6) 10. Scoilt i gcarraig (6) 11. Úrscéal de chuid Mháirtín Uí Chadhain: _ _ _ na Cille (3)12. Tomhas (3) 13. Cnead (5) 16. Naíonáin (3)17. Fargán (6)20. Comórtas lúthchleasach ina mbíonn ort rith agus léim a dhéanamh…

  • Sudoku #14

    Sudoku #14

    4×4 suimeanna 5×5 míreanna mearaí 9×9 Aztec

  • Ar an teilifís

    Ar an teilifís

    TG4 Dé hAoine 31/01/25 06:00 Cúla4 06:02 Bréidín & Clúmh 06:08 CoComelon 06:11 CoComelon JJ’s Animal 06:14 CoComelon 06:20 Bíp Bíp Cory Carson 06:28 Go Buster 06:31 Go Buster 06:34 Go Buster 06:37 Elmo Anseo 06:44 Olobob Top 06:49 Igam Ogam 07:00 PJ Masks 07:12 Wussywat 07:17 Kid E Cats 07:22 Clifford 07:35 Vegesaurs 07:40…