Aedín Ní Thiarnaigh Beidh Féile na bPuiteachaí á ceiliúradh arís in Inis Meáin go luath, ó thráthnóna Dé hAoine an 19 Meán Fómhair go Dé Satharn an 20 Meán Fómhair. Agus an ceathrú bliain den fhéile ag teannadh linn, is mór is fiú dúinn breathnú siar ar an méid atá bainte amach againn le blianta…
Aedín Ní Thiarnaigh Agus daoine ag caint faoi bhéaloideas na mbláthanna fiáine, is minic go samhlaíonn siad bláthanna speisialta nach bhfeictear rómhinic. Bíonn iontas orthu nuair a deirim gur a mhalairt ar fad atá fíor, agus gurb iad na ‘fiailí’, na plandaí coitianta a fheiceann muid gach áit, agus gur minic nach maith le daoine…
Aedín Ní Thiarnaigh Ceann de na radharcanna is deise agus is mó a théann go croí ionam an tráth seo den bhliain ná an fraoch a fheiceáil ar na portaigh, ar na sléibhte, agus ar roinnt de na creaga anseo in Inis Meáin. Is aoibhinn liom a bheith ag breathnú ar dhath corcra na mbláthanna…
Aedín Ní Thiarnaigh Rud a thaitníonn go mór liom faoin samhradh in Inis Meáin ná nach mbítear á mheas de réir na seachtainí ná na míonna. Cuimhnítear ar an samhradh de réir na n-athruithe sa dúlra; ceol na cuaiche a chloisteáil i mí na Bealtaine mar shampla, an seileastram buí ag teacht faoi bhláth ar…
Aedín Ní Thiarnaigh An tráth seo den bhliain bíonn na fálta sceach agus na bóithríní ag cur tharstu le dathanna agus le boladh cumhra na mbláthanna fiáine. Tá an-mhórán béaloidis ag baint leis na bláthanna céanna Ceann de na bláthanna is fearr liomsa, agus atá le feiceáil go fairsing faoi láthair ar thalamh fliuch agus…
Aedín Ní Thiarnaigh Cara an scéalaí is ea í an áibhéil – agus moltar go minic dóibh siúd a bhíonn i mbun scéalaíochta gan ligean don fhírinne dul sa tslí ar scéal maith! Bíonn muid mar lucht éisteachta ar an airdeall faoi seo agus cluas le héisteacht orainn ó thaobh an bhéaloidis de. Tuigeann muid…
Aedín Ní Thiarnaigh Tá ceann de na hoícheanta is tábhachtaí agus is suimiúla sa bhliain ag druidim linn ó thaobh bhéaloideas na hÉireann de, Oíche Bhealtaine. Agus í ar fhéile de cheithre mhórfhéile Cheilteacha na bliana, bíonn roinnt tréithe i gcoitinne ag Bealtaine le Samhain, le hImbolc agus le Lúnasa. Déantar iad go léir a…
Is mór an méid atá le foghlaim ó na fiailí, a deir Aedín Ní Thiarnaigh, go háirithe an caisearbhán Aedín Ní Thiarnaigh Is iomaí seoid atá le haimsiú má théitear ag lorg bhéaloideas na mbláthanna fiáine. Is fíor seo maidir leis na bláthanna is coitianta sa tír go háirithe, na fiailí! Luíonn sé le réasún,…
Líonaimis an bolg an Mháirt Inide seo, agus faighimis spléachadh ar an todhchaí! Aedín Ní Thiarnaigh Is cuma féile thraidisiúnta in Éirinn a bheith mór nó beag, is iomaí seoid seanchais a bhíonn le haimsiú ina leith, ach dul ar a dtóir. Is fíor seo go háirithe maidir leis an gcéad fhéile eile atá ag…