
Cluiche ceannais club peile sinsearach na Mumhan Daingean Uí Chúis (Ciarraí) 1-18 (21) Cumann Fionnbarra Naofa (Corcaigh) 0-20 (20) Cóilín DuffyD’éirigh le Daingean Uí Chúis gaisce a dhéanamh i Staid Semple agus iad tar éis craobh club peile sinsearach na Mumhan a bhuachan den chéad uair riamh dóibh, i gcluiche drámatúil i gcoinne Chumann Fionnbarra…

An Ghaeltacht (Ciarraí) 2-12 (18) Achadh Bolg (Corcaigh) 1-8 (11) Cóilín DuffyLean forlámhas Chiarraí i bpeil idirmheánach na gclubanna ar aghaidh Dé Sathairn agus craobh na Mumhan ag an nGaeltacht tar éis dóibh Achadh Bolg a shárú le seacht gcúilín i gcluiche ceannais na Mumhan i bPáirc Mhichíl Neville, Ráth Caola. Bhí 1,216 de lucht…

Cóilín DuffyBhuaigh Daingean Uí Chúis craobh shinsearach club na Mumhan ar bhealach thar a bheith drámatúil Dé Domhnaigh i ndiaidh cic buacach ó Chonchúr Ó Géibheannaigh i gcoinne Fhionnbarra Naofa i Stáid Semple. Ba í an cic deireanach den chluiche é agus d’fhág sé lucht leanúna Dhaingean Uí Chúis ar mhuin na muice tar éis…
Cóilín Duffy Sheol an Ghaeltacht teachtaireacht láidir ar fud na tíre tráthnóna Dé Sathairn agus iad ag breith chraobh idirmhéanach na Mumhan leo arís, an chéad uair ó 2017, tar éis bua cuimsitheach ar Achadh Bolg. Agus is beag duine a d’aontódh nárbh é fíor-fhear an chluiche é Cathal Ó Beaglaoich, a raibh tionchar gan…

Cathal Ó MurchúÓ toghadh Nicolas Maduro go daonlathach mar Uachtarán Veiniséala i mí na Nollag 2024, toradh nár ghlac na Stáit Aontaithe leis, tá bagairtí móra déanta ag rialtas Trump i gcoinne rialtas Veiniséala agus an Uachtaráin Maduro. Tá fórsa suntasach curtha ag na Meiriceánaigh go cósta Veiniséala, réidh chun tabhairt faoi ionsaí míleata. Is…
Tá céim shuntasach tógtha i gcaidreamh na hÉireann agus na hAlban leis an gcomhaontú comhpháirtíochta a síníodh le déanaí idir Údarás na Gaeltachta agus Iomairt na Gàidhealtachd ’s nan Eilean. Tá an meabhrán tuisceana dírithe ar bhealaí praiticiúla chun borradh breise a chur faoi fhorbairt gheilleagrach, teanga agus cultúir i bpobail Ghaelacha an dá thír,…

Cathal Ó Murchú Dé Máirt seo caite thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy, cuairt stáit go hÉirinn na 26 contae. Tháinig sé isteach go déanach in Aerfort Bhaile Átha Cliath an oíche roimhe ag 11 agus chas an Taoiseach Micheál Martin leis chun fáilte oifigiúil a chur roimhe. An mhaidin dar gcionn bhuail sé isteach…
Páirtithe aontachtacha trína chéile agus cinneadh déanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste an brat a ardú Jack Mac Íomhair Tá an deighilt i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste ag dul in olcas agus cinneadh glactha acu brat na Palaistíne a ardú ar Halla na Cathrach. Cuireadh an brat in airde i ndiaidh meán oíche maidin Dé…
D’fháiltigh an tAire Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD, roimh cheadú oifigiúil do phleananna agus do bhuiséid 2026 Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise ag cruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a reáchtáladh i gCampas Síochána Mhuineacháin. Bhí an tAire Pobail, Gordon Lyons CTR, mar chathaoirleach ar an gcruinniú,…

Maoiniú €672,000 agus céim mhór chun cinn don Ghaeilge i Maigh Eo Tá lá suntasach bainte amach ag pobal Bhaile an Róba agus iad ag fáil ceadú oifigiúil don phlean teanga áitiúil ón Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary TD. Mar chuid den fhógra, dearbhaíodh maoiniú seacht mbliana ar luach €672,000, sin…