Rialtas Veiniséala faoi bhagairt Mheiriceá

Cathal Ó Murchú

Ó toghadh Nicolas Maduro go daonlathach mar Uachtarán Veiniséala i mí na Nollag 2024, toradh nár ghlac na Stáit Aontaithe leis, tá bagairtí móra déanta ag rialtas Trump i gcoinne rialtas Veiniséala agus an Uachtaráin Maduro. Tá fórsa suntasach curtha ag na Meiriceánaigh go cósta Veiniséala, réidh chun tabhairt faoi ionsaí míleata. Is géarú mór é seo ar na bearta éagsúla atá déanta ag na Meiriceánaigh thar na blianta i gcoinne rialtas sóisialach na tíre sin ó bhuaigh Hugo Chavez agus a Shóisialaigh Bholaiveáracha toghchán in 1998.

In 2002, rinne na Meiriceánaigh agus dreamanna Veiniséalacha ar an eite dheis iarracht athrú réimis a chur i bhfeidhm trí chumhacht a ghabháil le buíon mhíleata. 

Mar gheall ar cheannasaíocht dhiongbháilteach Chavez theip go tubaisteach ar an ngabháil cumachta sin agus cuireadh lucht ceannairceach na heite deise i bpríosún. Níor chuir an teip sin stad leis an méid sin iarrachtaí ag na Meiriceánach a naimhde sóisialacha frithimpiriúlacha a chur as cumhacht. Go dtí seo tá teipthe glan orthu.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!