
Ag tosú Déardaoin an 29 Eanáir ag 8 pm Leanfar sa tsraith úr seo an Conallach Áine Ní Bhreisleáin i gcomhluadar meascán bríomhar de charachtair mhealltacha agus láidre, daoine a fheiceann an saol agus a bhfuil ann ó phointe faoi leith, daoine a bhfuil cloch mhíle bainte amach acu ina saol go dtí seo, iad…

Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt. Trasna 1. Drochúsáid (3)3. Ní féidir leat an bia sa ghabhdán seo a rochtain gan an uirlis seo (11)10. Speiceas daonna a chónaíodh san Eoráis ach atá díofa anois (13)12. Fuaim na mbeach (4)13. Iasc…

Líon isteach na huimhreacha 1-4, 1-5, 1-6 nó 1-9 gan dúbailt in aon líne, colún, ná bosca. Leideanna ar fáil anseo. 4×4 suimeanna 5×5 míreanna mearaí 4×4×5
Cóilín Duffy Bhí ceiliúradh dodhearmadta i nDaingean Uí Chúis oíche Dé Luain, agus sluaite móra bailithe le chéile chun fáilte a chur roimh laochra an chlub i gcroílár an phobail, tar éis dóibh craobh chlub na hÉireann a thabhairt leo den chéad uair riamh. Ón tráthnóna bhí na sráideanna maisithe le bratacha dearga agus bána,…

Cóilín Duffy Tá obair ullmhúcháin le tosú an tseachtain seo chugainn ag Páirc Mhic Ásmaint in iarthar Bhéal Feirste, mar chuid den phróiseas athfhorbartha atá beartaithe don staidiam stairiúil, dar leis an gCéad-Aire, Michelle O’Neill. I ráiteas ar na meáin shóisialta, chuir O’Neill fáilte roimh an bhfógra agus dúirt sí go gcreideann sí go láidir…

Oráid iontach as Gaeilge ag Paul Geaney tár éis dó an corn a ghlacadh Cluiche ceannais peile uile-Éireann (sinsir, fir) Daingean Uí Chúis (Ciarraí) 0-22 (22) Naomh Bríd (Ros Comáin) 1-17 (20) (tar éis am breise) Cóilín DuffyCorónaíodh Daingean Uí Chúis mar churaidh chraobhchomórtas sinsir uile-Éireann na gclub i bpeil na bhfear den chéad uair…

Cóilín Duffy Tá deireadh curtha ag Lewie Chiaramello, Heba Muraisi agus Kamran Ahmed le stailc ocrais Tá deireadh curtha ag triúr ghníomhaithe den ghrúpa Gníomhaireacht na Palaistíne lena stailc ocrais i bpríosún sa Ríocht Aontaithe tar éis 73 lá, agus iad ag maíomh go bhfuil ceann dá bpríomhéilimh comhlíonta ag an rialtas. Is iad Kamran…

Jenna Goulding Bhí slua mór bailithe taobh amuigh de na Cúirteanna Ríoga um Cheartas Dé Céadaoin chun tacaíocht a thabhairt do Liam Óg Ó hAnnaidh, ball den rapghrúpa Kneecap. Bhí JJ O’Dochartaigh, ar a dtugtar DJ Provaí, agus bainisteoir an ghrúpa Daniel Lambert i láthair freisin. Léirigh Teachtaí Parlaiminte Bhéal Feirste, John Finucane agus Paul…
Eoin O Murchú Tá cinneadh déanta ag an tSín an cosc ar mhairteoil na hÉireann a chur ar ceal i ndiaidh chuairt an Taoisigh Micheál Martin ar an tír an tseachtain seo caite. Dúnadh margadh ollmhór na Síne don mhairteoil Éireannach i mí Mheán Fómhair 2024 tar éis cás “neamhghnách” de ghalar na mbó buile…