
Cuir eolas ar an oidhreacht theangeolaíoch agus chultúrtha atá i bpáirt ag Éirinn agus Albain. Bailíonn an tionscadal Díchódú Oidhreachtaí Folaithe os cionn 5,500 seanscéal le chéile ó fhoinsí idir lámhscríofa agus chlóite. Tras-scríobhadh cuid mhór den ábhar seo trí úsáid a bhaint as ardteicnící intleachta saorg (IS) chun téacs a aithint agus is féidir…
Eoin Ó Murchú Cé go bhfuilimid i lár géarchéim thithíochta, agus níos mó daoine ná riamh fágtha gan dídean ar bith, os cionn 15,500 an figiúr is deireanaí, tá sé tagtha chun solais go bhfuil idir 102,000 agus 164,000 teach folamh ann, cuid mhaith acu i ngá deisithe. I dtuarascáil a d’fhoilsigh Ceartas Sóisialta Éireann…
Cathal Ó MurchúTá sé tagtha chun solais go raibh méadú ann ar an trádáil idir Éire na 26 contae agus Iosrael ón mbliain 2018 ar aghaidh, méadú 618% le bheith beacht, in ainneoin go bhfuil cinedhíothú ar siúl i gcoinne mhuintir Gaza ar feadh breis is 600 lá ó Dheireadh Fómhair 2023. Ní hamháin é…
Eoin Ó Murchú Léiríonn pobalbhreith a foilsíodh in The Sunday Independent go bhfuil móramh den phobal, 61%, den tuairim go bhfuil géarchéim na tithíochta imithe chun donais ó tháinig an rialtas seo ar ais i gcumhacht anuraidh. Dar leis an bpobalbhreith chéanna, áfach, tá níos mó tacaíochta ag an rialtas, Fianna Fáil, Fine Gael agus…
I leabhar a d’fhoilsigh an t-iriseoir Martin Dillion le deireanas tugann sé sonraí faoi sceithire a mhaíonn gur chuir MI5 a ladar isteach leis an fheiste sular phléasc sé Jack Mac Íomhair Tá líomhaintí suntasacha tar éis teacht chun tosaigh go raibh sceithire ag feidhmiú sa Gharda Síochána ag an am ar phléasc buama in…

Jenna Goulding Sheol an tAire Oideachais agus Óige Helen McEntee tionscadal píolótach dar teideal Foraois an tseachtain seo caite. Tá an tionscadal ag spreagadh na Gaeilge taobh amuigh de sheomraí ranga i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Rinne an Roinn Oideachais agus Óige comhairliúchán mar chuid d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Léirigh an…

Eoin Ó Murchú Thug Kneecap, an rapghrúpa Gaelach as Béal Feirste, freagra láidir ‘ealaíonta’ do bhunaíocht na Breataine nuair a thug siad dhá choirm cheoil i Londain an tseachtain seo caite, ceann go spontáineach sa 100 Club lá i ndiaidh do Liam Óg Ó hAnnaidh, Mo Chara, a bheith cúisithe as cion faoi dhlithe frithsceimhlitheoireachta,…

Gabhadh Sue Pentel agus Martine McCullough Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste agus iad i mbun agóide ar son na Palaistíne Jack Mac Íomhair Dé Sathairn seo caite bhí agóid taobh amuigh de bhanc Barclays ar Phlás an Chaisleáin i mBéal Feirste. Bhí gníomhaithe de chuid chraobh Bhéal Feirste d’Fheachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann leis…

Jenna Goulding Tá méadú mór i gcásanna consalachta. Tá siad tar éis méadú 22% ón am céanna anuraidh agus 50% le trí bliana anuas. Dhéileáil an Roinn Gnóthaí Eachtracha leis na cásanna seo. Cuireann an Roinn an tacaíocht consalachta seo ar fáil mar gheall ar chásanna éigeandála thar lear. Áirítear leis seo éigeandálaí mar ghabháil,…
Cathal Ó MurchúTar éis tionól náisiúnta géarchéime a reáchtáil gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste Dé Céadaoin seo caite, mar ar tháinig roinnt eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta le chéile chun plé a dhéanamh ar réimse mór ceisteanna a bhaineann le cúrsaí Gaeilge, tá fógartha go mbeidh mórshiúl náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mí…