
Cathal Ó Murchú Tá sé fógartha ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go ngearrfar taraifí sa bhreis ar aon tír a dhéanann iarracht na comhlachtaí mórtheicneolaíochta Meiriceánacha a rialú ar aon bhealach, nuair a dúirt sé ar a ardán Truth Social go “seasfar suas i gcoinne tíortha a dhéanann ionsaí ar ár gcomhlachtaí dochreidte…
Eoin Ó Murchú Dé Mairt seo chugainn, an 2 Meán Fómhair, tá Banc Ceannais na hÉireann chun an ceadú rialaitheach faoina ndíolann siad bannaí cogaidh Iosraelacha a athdhearbhú. Deir an Banc Ceannais go bhfuil sé faoi cheangal ag rialacha an Aontais Eorpaigh leanúint leis an gceadú sin, ach is léir go dtugann coireanna cogaidh Iosrael…

Domhnall Mac Concharraige Táthar tar éis gealach eile de chuid an phlainéid Úranás a aimsiú le teileascóip James Webb. Ní raibh a fhios ag éinne go raibh an ghealach seo ann. Bhí sí i bhfolach go dtí seo gar do na fáinní atá thart timpeall an phlainéid. Tá an ghealach nua deich gciliméadar trasna. “S/2025…

Na céadta ag tacú le Liam Óg Ó hAnnaidh agus é os comhair cúirte i Londain Jack Mac Íomhair i Londain Tháinig na céadta chun sráide Dé Chéadaoin chun tacaíaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú do bhall Kneecap Liam Óg Ó hAnnaidh i Londain. Bhí léiriú tacaíochta ann do Mo Chara ó Kneecap a bhí cúisithe…
Cathal Ó MurchúTar éis gur theip ar sheirbhísí faisnáise na Fraince coup d’état a chur i bhfeidhm i bPoblacht Mhailí an tseachtain seo caite agus le ceannaire Burkina Faso Ibrahim Traoré a fheallmharú níos luaithe sa bhliain, tá sé soiléir go bhfuil fíordhrogall ar an bhFrainc droim láimhe a thabhairt dá sean-nósanna impiriúlacha i gceantar…
Diarmuid Breatnach Le déanaí labhair Sinéad Ní Shiacais faoin ‘imirt diostóipeach’ uirthi ar an 9 Lúnasa i Londain nuair a ghabh póilíní i féin agus 520 eile de bharr go raibh tacaíochta a fógairt acu do Ghníomhaireacht na Palaistíne. Scaoileadh í as stáisiún na bpóilíní in Kentish Town ar 3 am. Cé nár mharaigh gníomhaithe…
D’fhreastail toscaireacht ardleibhéil as Gaillimh ar chruinniú speisialta de Chomhairle Cathrach Milwaukee in Wisconsin, Stáit Aontaithe Mheiriceá, chun an ceangal, idir shibhialta, cultúrtha agus eacnamaíochta, atá idir an dá chathair le hos cionn fiche bliain a chomóradh. Tháinig oifigigh áitiúla agus aíonna idirnáisiúnta le chéile ag an ócáid, a tionóladh i Halla Cathrach Milwaukee Dé…
Domhnall Mac Concharraige Tuairiscítear go bhfuil sé i gceist ag Greta Thurnberg agus pearsaí eile seoladh go Gaza arís chun an léigéar mídhleathach a bhriseadh. Chuir Iosrael stop ar dhá iarracht eile seo i Meitheamh agus Iúil i mbliana. Chuaigh saighdiúirí ar bord, ceistíodh na gníomhaithe agus díbríodh ón tír mar gheall ar a n-iarrachtaí…
Máirtín Mac Eoin Cruthaíonn an teannas reatha ar fud an domhain nach iarsma den Chogadh Fuar é an t-iomadú núicléach ach contúirt shoiléir atá ag dul i méad 80 bliain i ndiaidh gur leag na Stáit Aontaithe buama ar Hiroshima sa tSeapáin in 1945. B’in an teachtaireacht a tugadh ag comóradh na buamála i mBaile…
Eoin Ó Murchú Is cosúil go bhfuilimid faoi dheireadh ag druidim i dtreo dheireadh chogadh na hÚcráine, agus Vladimir Putin, Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus Donald Trump, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, ag casadh le céile in Alasca inniu chun téarmaí síochána a shocrú. Tuairiscítear leis go mbeidh an dara cruinniú sa Rúis féin beagáinín ina…