Domhnall Mac Concharraige Tá cainteanna comhshaoil ar siúl ag na Náisiúin Aontaithe sa Ghinéiv faoi láthair. Tá 180 tír ag glacadh páirte agus is é an sprioc atá acu teacht ar chonradh idirnáisiúnta i gcoinne truailliú plaisteach. Tá 600 eagraíocht neamhrialtasach páirteach san idirbheartaíocht freisin agus deir gach páirtí atá i láthair gur contúirt mhór…
Cathal Ó Murchú Gach bliain ó 1970 i leith, seachas blianta na paindéime, 2020 agus 2021, tá féile idircheilteach ar siúl in An Oriant (Lorient) i ndeisceart na Briotáine. Tá an Oriant féin ar comh-mhéid le Cathair na Gaillimhe. Tá an Bhriotáin, ceann de na sé thír Cheilteacha a bhfuil teanga Cheilteach iontu, in iarthuaisceart…
Jenna Goulding Bhí Kneecap sceidealaithe le seinm ag Féile Sziget i mBúdaipeist ar an 11 Lúnasa, ach chuir rialtas na hUngáire cosc ar an ngrúpa rapcheoil dul isteach sa tír ar feadh tréimhse trí bliana. Thug lucht eagraithe na féile le fios gur dhiúltaigh siad an cuireadh a thug siad do Kneecap a tharraingt siar.…
Jenna Goulding De réir foráil den “bhille mór álainn” a d’achtaigh rialtas Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, beidh ar chuairteoirí sna Stáit Aontaithe “táille ionracais víosa” a íoc. Is é $250 an táille atá beartaithe. Mar sin féin, tá cead Rúnaí Slándála na Tíre Dúchais táille níos airde a shocrú, de réir na forála.…
Cathal Ó MurchúLe coicís anois tá coimheascar teorann ar siúl idir dhá thír in oirdheisceart na hÁise, an Chambóid agus an Téalainn. Tá sos comhraic tar éis teacht i bhfeidhm gan morán athraithe ar an scéal seachas gur bhásaigh 20 saighdiúr ón dá arm agus thart ar an méid céanna sibhialtach sa dá thír. Chomh…
Máirtín Mac Eoin Tá an páirtí nua ar an eite chlé i Sasana, arna chur le chéile ag na feisirí parlaiminte Jeremy Corbyn agus Zarah Sultana, ag dul ó neart go neart le níos mó na leath milliúin duine i ndiaidh clárú leis le trí lá anuas. Tá níos mó daoine cláraithe leis an bpáirtí…
Eoin Ó Murchú Tá faitíos ar bhunaíocht an Aontais Eorpaigh go bhféadfadh Andrej Babiš toghchán na Seicia a bhuachan i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Tá páirtí Babiš, ANO, chun tosaigh sna pobalbhreitheanna agus tá Babiš freisin ag dearbhú nach nglacfaidh sé le polasaí an rialtais reatha go n-ardófar caiteachas cosanta 5%, mar tá éilithe…
Cóilín Duffy Tá CLG na Palaistíne tar éis a dhearbhú go bhfuil a dturas samhraidh go hÉirinn curtha ar ceal le “croí trom,” de réir mar a theip ar iarrachtaí ag an nóiméad deiridh víosaí a fháil do 33 páiste agus 14 mheantóir ón mBruach Thiar. Bhí an fhoireann le teacht go hÉirinn inniu (Dé…
Cathal Ó Murchú Breis is leathbhliain ó thit rialtas Bashar al-Assad as a chéile ag deireadh 2024 agus teacht i gcumhacht d’antoiscigh Ioslamacha Shunnaíocha sa tSiria faoi cheannas Ahmed al-Sharaa, a bhfuil an t-ainm cogaidh Abu Mohammed al-Jolani air, tá géarleanúint á déanamh acu ar gach pobal faoina gceannas nach mbaineann lena greideamh Ioslamach Sunnaíoch…
Eoin Ó Murchú Comhartha drámatúil go bhfuil an caidreamh idir Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain agus na ceardchumainn sin ag dul in olcas is ea cinneadh Unite, an ceardchumann is mó sa Bhreatain, ballraíocht Angela Rayner, Leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe, a chur ar fionraí. Dúirt Ard-Rúnaí Unite, Sharon Graham, nach bhfuil páirtí Keir Starmer…