Cathal Ó Murchú Tá sos comhraic fógartha ag treallchogaígh Choirdíneacha de chuid an PKK (Páirtí Oibrithe na Cordastáine) ó d’iarr a gceannaire Abdullah Öcalan ar an ngluaiseacht a n-airm a chur síos agus deireadh a chur lena bhfeachtas míleata i gcoinne stát na Tuirce. Bhí feachtas míleata ar siúl ag an PKK ó 1984 i…
Cathal Ó Murchú Cothrom dhá bhliain tar éis thaisme traenach Tempi ar an 28 Feabhra 2023, d’fhógair na ceardchumainn sa Ghréig ollstailc i gcoinne rialtas Nea Demokratia, páirtí atá ar an eite dheas, mar gheall ar mhíshástacht leis an bhfiosrúchán oifigiúil, a mheastar a bheith ag ceilt na fírinne. Fuair 57 duine bás, gortaíodh 81…

Cathal Ó Murchú Tá sé breis is coicís anois ó tugadh an Pápa Proinsias ar bhonn éigeandála toisc deacrachtaí anála isteach chuig Ospidéal Agostino Gemelli i gCathair na Róimhe díreach lasmuigh de Chathair na Vatacáine. Tuairiscíodh go raibh niúmóine ina scámhóga agus go raibh drochbhail air ar feadh cúpla oíche, ach go bhfuil bail sheasmhach…

Jenna Goulding Dé Domhnaigh an 25 Feabhra bhí toghchán sa Ghearmáin. Bhuaigh na coimeádaigh, an tAontas Críostaí Daonlathach (CDU) agus an tAontas Críostaí Sóisialta (CSU). Is é Friedrich Merz an ceannaire coimeádach. Is é an chéad seansailéir eile a bheidh sa Ghearmáin. Níl aon taithí ag Merz in oifig roimhe seo. Beidh post deacair aige…
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!

Aodh McNeill Cúiseofar Luigi Mangione as sceimhlitheoireacht i ndiaidh dó príomhfheidhmeannach comhlachta árachais a lámhach i Nua-Eabhrac. Bheifeá ag súil leis go gcuirfí an dlí ar dhuine a lámhaigh duine eile, ach cad air a bhfuil na cúiseanna sceimhlitheoireachta bunaithe? Is amhlaidh go mbraitheann cúiseanna nó líomhaintí dá leithéid ar thuairim na bunaíochta faoin ghníomh…

Cathal Ó Murchú D’fhógair an tUachtarán Donald Trump agus a lucht tacaiochta go raibh taraifí (“na cinn is fearr agus is áille dá bhfacthas riamh”) ar na bacáin a luaithe is a bhainfeadh sé cumhacht amach. Mar a tharla bhuaigh siad an uachtaránacht, Teach na nIonaduithe agus an Seanad araon i mí na Samhna (bhí…

Diarmuid Breatnach Bhí na scáileáin lán le híomhánna de dhaoine ag filleadh ina mílte ar na bailte in Gaza as ar ruaigeadh iad mar gheall ar ghlanadh eitneach agus cinedhíothú Arm Iosrael (AI). An chuid is mó acu ag siúl, ag iompar páistí, tochtanna, pluideanna lena mbeagán sealúchais, agus fiú a gcait! Lena linn sin,…

Cathal Ó Murchú Tá spéis mhór léirithe ag an Uachtarán Donald Trump sa Ghraonlainn a shlogadh isteach sna Stáit Aontaithe, beag beann ar a chomhghuaillithe ECAT, an Danmhairg, a bhfuil flaitheas aitheanta acu ag an gcríoch seo, nó ar bhundúchasaigh na Graonlainne féin. Cé go mbreathnaítear ar an nGraonlainn mar thír fhuar sceirdiúil i gcéin…

Kerron Ó Luain Tá athruithe móra beartais curtha i bhfeidhm ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, tar éis dó filleadh ar oifig. Tharraing Trump tacaíocht na Stát Aontaithe siar ó mhargadh cánach domhanda de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), a bhí dírithe ar ráta cánach corparáideach 15% a chur i…