
Cuireadh an cás maidir le comharthaíocht dhátheangach siar ag tús na seachtaine Jack Mac Íomhair Chuir an Breitheamh McAlinden an cás maidir le comharthaíocht dhátheangach ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste siar go dtí mí Bealtaine. Tá an gníomhaí dílseach Jamie Bryson ag lorg athbhreithniú breithiúnach maidir le cinneadh an Aire Bonneagair Liz Kimmins comharthaíocht a…
Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo Ciarán Mac Giolla Bhéin Is cúis bhróid agus áthais dom ar bhonn pearsanta fáilte a chur roimh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go Béal Feirste cois cuain i mbliana. Tá 30 bliain ann ó bhí an Ard-Fheis sa chathair seo faoi Uachtaránacht…
Dalta ón gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara a bhuaigh duais na hÉireann i gcomórtas aistriúcháin do mheánscoileanna a eagraíodh ar fud an Aontais Eorpaigh. D’fhógair an Coimisiún Eorpach gurb í Méabh Ní Ghionnáin ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin a bhain an chéad áit amach in Éirinn sa chomórtas Juvenes Translatores a reáchtáil an Coimisiún. Seo an ceathrú bliain…
Tá sé fógartha ag an Oireachtas go bhfuil iarratais á nglacadh anois do chomórtais liteartha an Oireachtais 2026, agus tríocha a haon chomórtas ar chlár na bliana seo a chlúdaíonn gach aoisghrúpa agus gach seánra scríbhneoireachta. Ó bunaíodh an fhéile in 1897, tá na comórtais mar chroílár d’fhorbairt agus de chur chun cinn litríocht na…
Tá Aisteoirí Thamhlachta, grúpa drámaíochta Gaeilge atá lonnaithe i dTamhlacht, ar tí ócáid speisialta amharclannaíochta a chur i láthair an mhí seo le léiriú de Uaigneas an Ghleanna, aistriúchán Gaeilge le Tomás Ó Flaithearta ar an saothar clasaiceach le J.M. Synge, The Shadow of the Glen. Beidh an léiriú ar siúl Dé hAoine an 20…
Thosaigh an chéad fhéile scannán Gaeilge i Meiriceá inné, Déardaoin an 19 Feabhra, agus tá borradh úr tugtha don Ghaeilge ar thaobh eile an Atlantaigh dá bharr. Is é Fís Nua | New Vision teideal na féile trí lá atá á reáchtáil ag an New York Irish Center i gcomhpháirt le TG4, agus seacht scannán…

Jenna Goulding Beidh féilte éagsúla ar fud na tíre ag cur na Gaeilge agus chultúr na hÉireann chun cinn, ó Bhéal Feirste go Ciarraí i 2026. Léiríonn na himeachtaí seo beocht, bród agus neart ár dteanga inniu. Bíonn Féile na Bealtaine ar siúl i mí na Bealtaine i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí. Ceiliúrann…

Cóilín Duffy Tá Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo agus cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí inniu, Dé hAoine an 20 Feabhra, in Óstán Europa sa chathair. Leanfaidh an clár go dtí Dé Domhnaigh an 22 Feabhra, agus tá clár cuimsitheach díospóireachtaí, léachtaí, toghchán agus imeachtaí cultúrtha geallta…

Cóilín Duffy Tá roinnt craobhacha de Chonradh na Gaeilge athbhunaithe le bliain anuas, agus ina measc tá craobh nua i gContae Laoise a bheidh i láthair i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo d’Ard-Fheis an Chonartha. Ar an 4 Nollaig seo caite in Óstán Midlands Park, Port Laoise, bhuail oifigeach náisiúnta de chuid an Chonartha…
Máirin Hurndall Beidh Ard-Féis Chonradh na Gaeilge, an deireadh seachtaine seo, i measc rudaí eile, ag ceiliúradh an mhéid atá bainte amach acu/againne, thuaidh agus theas. Is cinnte go bhfuil rudaí ag dul i bhfeabhas, ach b’fhéidir gur cóir amharc i dtreo na Breataine Bige agus ar pholasaí an rialtais in Caerdydd. Tugaimís spléachadh ar…