Mír ghramadaí: An tAinmfhocal 8, Ainmfhocail Neamhrialta

Níl na hainmfhocail neamhrialta i gceann ar bith de na diochlaontaí.

Tréaniolraí

Ainmneach uathuGinideach uathuAinmneach agus ginideach iolra
deirfiúrdeirféardeirfiúracha
deochdídeochanna
diadédéithe
lálaelaethanta
leabaleapaleapacha
talamhtalaimh (firinscneach) talún (baininscneach)tailte
teachtítithe
beanmnámná, ginideach iolra ban
olannollaolanna ginideach iolra olann

Tabhair faoi deara:

Is ainmfhocal firinscneach é talamh san ainmneach uathu: talamh tirim, talamh maith, ar thalamh slán, talamh sléibhe, talamh créafóige. Ach sa tuiseal ginideach tá foirm fhirinscneach agus foirm bhainiscneach aige: úinéir an talaimh, úinéir na talún. Úsáidtear an dá leagan.

Tabhair faoi deara:

an bhean, tá gluaisteán ag an mbean sin

gluaisteán na mná, sin gluaisteán na mná sin, an ghluaisteán atá ag an mbean

na mná, tá gluaisteáin ag na mná sin

gluaisteáin na mban, sin iad na gluaisteáin atá ag na mná sin.

Úsáid an t-eolas agus an tábla thuas, agus an bunachar gramadaí ag https://www.teanglann.ie/ga/gram, chun na bearnaí seo thíos a líonadh:

Samplaí:

An deirfiúr – Sin teach na deirféar.

Na deochanna – An bhfaca tú praghas ndeochanna?

An leaba – Ag cóiriú na leapa.

  1. Na deirfiúracha – Tá seomra _______________ thuas staighre.
  2. Na tithe – Cad atá ar chúl __________________ sin?
  3. An lá – Beidh cóisir ann ag deireadh ______________.
  4. An bhean – Tá mac _____________ saibhre ag dul chun na hollscoile.
  5. Olann – Is maith liom geansaí ____________ a chaitheamh sa gheimhreadh.
  6. Deoch – Cén cineál _____________ is fearr leat a ól?
  7. Na déithe – is maith liom scéalta _____________ Gréagacha a léamh.
  8. Na mná – Bhí Cumann ____________ an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
  9. An teach – Bhí boladh deas bácála ar fud ______________.
Freagraí…
  • Na deirfiúracha – Tá seomra na ndeirfiúracha thuas staighre.
  • Na tithe – Cad atá ar chúl na dtithe sin?
  • An lá – Beidh cóisir ann ag deireadh an lae.
  • An bhean – Tá mac na mná saibhre ag dul chun na hollscoile.
  • Olann – Is maith liom geansaí olla a chaitheamh sa gheimhreadh.
  • Deoch – Cén cineál dí is fearr leat a ól?
  • Na déithe – is maith liom scéalta na ndéithe Gréagacha a léamh.
  • Na mná – Bhí Cumann na mBan an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse.
  • An teach – Bhí boladh deas bácála ar fud an tí.
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.