Bhí Naomh Pádraig ag taisteal ó áit go háit ag fógairt an chreidimh Críostaí nuair a tháinig sé chuig lonnaíocht bheag ar bhruach Abhainn Chluaidh, an áit a mbeadh cathair Ghlaschú suite níos déanaí. Ní raibh ach corrtheach ann san am sin agus ba í an trádáil ar an abhainn a thug slí bheatha do mhuintir na háite. Bhí cuid acu níos rachmasaí ná cuid eile acu, ach ní raibh siad sásta aon chuid dá raibh acu a roinnt le duine eile.

Chuaigh Pádraig i measc na ndaoine, ag labhairt leo faoi theagasc Chríost agus faoin dualgas a bhí ar gach duine cuidiú leis an té a bhí i ngátar. Mhínigh sé dóibh nach bhféadfaí grá Dé a scaradh ón ngrá a bhí le léiriú do dhaoine eile. Ní fhéadfadh duine a rá go raibh sé ag freastal ar Dhia agus é ag tabhairt droim láimhe don té a bhí ocrach nó i gcruachás. Mhúin Críost gur dó féin a dhéanfaí an rud a dhéanfaí ar son an duine ba lú díobh. D’fhéadfadh saibhreas agus stádas a bheith ag duine, arsa Pádraig, ach níorbh fhiú faic iad dá mbeadh a chroí dúnta ar fhulaingt daoine eile.

Thug Pádraig cuairt ar thithe na ndaoine a raibh a ndóthain agus tuilleadh acu. I dteach amháin, d’éist fear leis go mífhoighneach agus dúirt nach raibh dóthain aige dá mhuintir féin, gan trácht ar strainséir a bheathú. Chonaic Pádraig go raibh bia ar an mbord agus soláthairtí stóráilte in aice láimhe, ach níor chuir sin aon athrú ar an bhfear. Sular fhéad Pádraig freagra a thabhairt, dúnadh an doras ina aghaidh. I dteach eile, dúirt bean leis nach bhféadfadh sí a bheith ag tabhairt bia do gach strainséir a thiocfadh an bealach. Mheabhraigh Pádraig di gur comharsa i ngátar a bhí sa taistealaí ocrach, ach thug sí droim láimhe dó agus d’fhág sí ina sheasamh taobh amuigh den teach é.

Ní raibh Pádraig ag iarraidh ach greim beag le hithe. Mhínigh sé dóibh go raibh achar fada curtha de aige agus nach raibh greim ite aige le fada. Bhí leithscéal ag duine i ndiaidh duine acu. Dúirt cuid acu nach raibh aon bhia le roinnt acu, agus d’fhéach cuid eile ar a chuid éadaí caite agus chuir siad uaidh é gan a thuilleadh machnaimh. Bhí bia go leor ina dtithe agus a ndóthain le roinnt acu, ach chuaigh an tsaint chun cinn orthu agus ní raibh duine ar bith sásta cuidiú leis.

Faoi dheireadh, tháinig sé chuig teach mná boichte. Ní raibh mórán aici di féin, agus bhí uirthi an beagán a bhí sa teach a shíneadh go dtí go mbeadh sí in ann tuilleadh a fháil. Nuair a d’iarr Pádraig bia uirthi, d’fhéach sí ar an mbuilín aráin a bhí curtha ar leataobh aici di féin. Bhris sí píosa de agus shín chuige é. Níor chuir sí ceist air cérbh é féin ná níor smaoinigh sí ar chúiteamh ar bith. Chonaic sí fear ocrach ag a doras agus bhí sí in ann cuidiú leis; ba leor sin di.

Ghabh Pádraig buíochas léi agus bheannaigh sé í as a cineáltas. Dúirt sé léi nach leis an méid a bhí ag duine a thomhaisfí a fhlaithiúlacht, ach leis an méid a bheadh sé nó sí sásta a roinnt nuair a bheadh duine eile i ngátar. D’fhan an bhean ag féachaint air agus é ag imeacht, sásta gur thug sí cabhair dó nuair a bhí cabhair de dhíth air.

Níor thaitin focail Phádraig leis na daoine a dhiúltaigh bia dó. Níor theastaigh uathu a chloisteáil gur beag an mhaith a bhí lena saibhreas mura raibh cineáltas ag gabháil leis. Níor thaitin sé leo gur tháinig strainséir ina measc agus gur chuir sé a n-iompar féin faoina mbráid. In áit machnamh a dhéanamh ar an méid a bhí déanta acu, chuir siad an milleán ar Phádraig as a gcoinsias a mhúscailt. De réir mar a d’fhás an fhearg iontu, chruinnigh cuid acu le chéile agus bheartaigh siad ionsaí a dhéanamh air.

Lean siad é i dtreo na habhann, ag béicíl agus ag caitheamh maslaí leis. Rinne Pádraig iarracht labhairt leo, ach ní raibh fonn éisteachta orthu. Bhí an fhearg tar éis gach braon den chiall a bhaint díobh. Rug siad air agus chaith siad isteach in abhainn an Clyde é, iad siúd a dhiúltaigh glacadh le briathar Dé.

Bhí Pádraig ag streachailt san uisce. Sheas na daoine a chaith isteach ann é ar an mbruach agus d’fhéach siad air, ach níor shín duine ar bith acu lámh chúnta chuige. Ní raibh siad sásta píosa aráin a roinnt leis nuair a bhí ocras air. Níor mhothaigh siad aon aiféala, fiú agus a bheatha i mbaol.

Chonaic bádóir bocht, a bhí ag obair ar an abhainn in aice láimhe, a raibh ag titim amach. Bhí eolas maith aige ar an abhainn agus thuig sé an chontúirt ina raibh Pádraig. Níor stad sé lena mheas cad a dhéanfadh an slua leis. Thug sé a bhád i dtreo Phádraig agus shín sé síos chuige. D’éirigh leis é a tharraingt isteach sa bhád, agus thug sé chun cladaigh é. Ansin thug sé abhaile é, chuir sé foscadh ar fáil dó ón bhfuacht agus chuir sé bia os a chomhair.

Bhí Pádraig traochta agus ocrach, ach ghlac sé go buíoch leis an bhfáilte a chuir an bádóir roimhe. Ní raibh mórán ag an bhfear bocht féin, ach níor lig sé don easpa a bhí air cosc a chur air cabhrú le duine eile. Thug sé bia agus dídean do strainséir a bhí i gcruachás, gan súil le luach saothair ar bith. I dteach beag an bhádóra, fuair Pádraig an cineáltas a bhí diúltaithe dó ag daoine a raibh i bhfad níos mó acu.

Sular imigh sé, chuir Pádraig a lámh ar ghualainn an bhádóra agus bheannaigh sé an bádóir agus a theaghlach. Ghuigh sé go dtabharfadh Dia luach saothair dó as an gcineáltas a bhí léirithe aige do strainséir, go mbeadh slí bheatha mhaith aige óna bhád agus nach mbeadh bia ná suaimhneas in easnamh ar a theaghlach. D’iarr sé ar Dhia é a chosaint ar an abhainn agus a mhuintir a choimeád slán sna blianta a bhí rompu. Ghuigh sé freisin go mbeadh lámh chúnta ar fáil don bhádóir nuair a bheadh sé féin i ngátar, díreach mar a thug seisean cabhair do Phádraig. Ní bheadh ocras ná easpa ar a chlann ná ar a sliocht ina ndiaidh, agus mhairfeadh an mhaitheas sin sa teaghlach ó ghlúin go glúin. Chuaigh focail Phádraig go mór i bhfeidhm ar an mbádóir, mar ní raibh aon luach saothair á lorg aige nuair a chuaigh sé i gcabhair air.

Níorbh é diúltú bia do Phádraig an t-aon éagóir a rinne na daoine sin. Bhí iarracht déanta acu a bheatha a bhaint de, agus nuair a bhí sé i mbaol báite, sheas siad ag féachaint air gan aon trua a bheith acu dó. Sular thug sé aghaidh ar an mbóthar arís, d’fhéach Pádraig siar orthu.

D’ardaigh sé a lámh agus labhair sé amach, a ghlór búirneach ag leathadh thar abhainn an Clyde. Leag sé mallacht throm ar na daoine a dhiúltaigh bia dó, a chaith clocha leis agus a chaith isteach san abhainn é. Ní fhágfaí a leithéid de chruálacht gan iarmhairt, a d’fhogair sé agus leis si scaoil sé uaidh na focail a mhairfeadh le fada an lá i gcuimhne na ndaoine mar Mhallacht Naomh Pádraig ar Ghlaschú:

Mná gan náire,

Bia gan sásamh,

Agus duine a bhá gach lá in Abhainn Chluaidh.

D’iompaigh Pádraig ón abhainn agus lean sé air lena thuras. 

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.