Lí Ban ar ais ar Cúla4 le heachtraí nua

Fillfidh Lí Ban ar Cúla4 Dé Máirt an 24 Samhain, agus an banlaoch ar thóir draoi atá i ngéibheann ag Balar an Oilc. Craolfar an chéad chlár den dara sraith ag 4.25 san iarnóin Beidh leagan Breatnaise den bheochan, atá bunaithe ar mhiotaseolaíocht na gCeilteach agus a bhfuil stíl anime aici, le feiceáil ar S4C sa Bhreatain Bheag.

Tá trí chlár déag nua sa tsraith, nóiméad déag an ceann, agus iad dírithe ar pháistí idir seacht agus naoi mbliana d’aois. Is í Charlotte McKenna a stiúir an tsraith. Is í Sadbh Bhreathnach a thugann a guth do Lí Ban agus is é Jude Petticrew a thugann a ghuth do Chon.

Ag tús na sraithe tá Lí Ban agus Con socraithe síos i ríocht Mhanannáin agus iad ag cur aithne níos fearr ar Morveren, Dylan, Manannán agus Bíreog. Tá fonn fós ar Lí Ban an taobh daonna di féin a fháil ar ais. Is é Mídenn an t-aon nasc atá fágtha ag an mbeirt lena seansaol, agus nuair a fhaigheann siad amach go bhfuil sé fós beo, socraíonn siad dul sa tóir air.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.