Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1.  An lá iomlán: ar _______ an lae (5)
7. Rud a cheannach ón gcéad úinéir, ar ________ (8)
8. Duine iontach agus neamhghnách: duine ar _________ (5)
9. Teannas a bheith ar dhuine, ar ________ (6)
11. Ag tarlú: ar ________ (4)
12. Tá abhainn na hAmasóine idir 6,400 agus 6,800 ciliméadar ar _________ (3))
13. Tháinig mé díreach in am mar bhí an siopa ar _________ dúnadh don lá (2)
14. Ar __________ na cúise (3)
15. Bhí sé ag iarraidh cabhrú leat, rinne sé é ar _________ leat (7)
17. Táim ar _________ chun tosú (3)
19. Tá an meaisín ag obair go maith: tá sé ar _________ (4)
20. Tite nó treascartha, ar _________ (3)
22. Gan amhras, ar ___________ (6)
23. Ó chianaibh, ar _________ (4)
25. Chas an tiománaí ar ________ mar bhí na bóithre eile dúnta (4)
26. Níor tógadh an balla sin go díreach, tá sé ar ________ (4)
27. Chaill mé é agus tá sé ar _________ fós (5)
30. Chuir an cathaoirleach an cruinniú ar __________ go dtí an Luan (7)
31. Chuir sé an gnó nua ar ________ (3)
32. I leataobh leis féin, ar ________ (8)
38. Cibé ar bith, ar ________ (3,4)
39. D’fhiafraigh sé, chuir sé an _______ (6)
40. Bhí sí tinn ar feadh i bhfad ach tá sí ar a ______ arís (8)
41. Den chéad uair, ar _________ (4)
42. Bhí an traein ag taisteal go han-tapa, chuaigh sé thart ar ____ (4)

Síos

1.  Tá sé marbh; tá sé ar _______ na fírinne (4)
2. Go híontach, ar ________ (8)
3. Ag breacadh an lae bíonn ball bán ar an _________ (2)
4. Laistiar, ar _______ (4)
5. Imithe amú, imithe ar ______ (5)
8. Tá Muir Éireann idir 200 agus 240 ciliméadar ar ________ (8)
9. Ní thaitníonn sé liom in aon chaoi, ar _______ ar bith
10. Bhí sé ag rith go tapa, ag rith ar _____ __ ______ (3,2,7)
16. Tá an drongadóir ar a __________ ó na gardaí (10)
17. Tá fearg ollmhór air, tá sé ar _________ (5)
18. Bhí eagla an domhain air, bhí sé ar ________ le heagla (5)
20. Chaill sé a chos sa timpiste agus fágadh ar ________ é (10)
21. Deirtear go bhfuil an Trinse Máirianach san Aigéan chiúin 11 ciliméadar ar _________ (11)
24. Féach 38 síos, nuair nach mbionn na saighdiúirí mar sin, bíonn siad mar seo: ar ? (3)
28. Féach ar 25 trasna. Sa leid seo casann an tiománaí sa treo eile (3)
29. Tá Sliabh Everest beagnach 9 gciliméadar ar ________ (4)
33. Tá balla mór na Síne suas le 10 méadar ar ________ (4)
34. Bhí triúr againn ag iarraidh triail a bhaint as; rinneamar ar _________ é (4)
35. Eagla roimh a bhfuil le teacht, ó thaobh na moráltachta de, ar eagla na ____ thuas (4)
36. Rud a ithe gan aon bhlastán, salann, piobar nó eile: é a ithe ar ________ (3)
37. Ag siúl sa treo ina bhfuil do dhroim ag féachaint: ar _______ (4)
38. Bíonn saighdiúirí ag seasamh mar seo nuair atá siad ina seasamh i líne, ar ______ (4)

Freagraí ar Crosfhocal #107

TRASNA: 2. Iarnród Éireann 8. Cam 10. Múinteoir 11. Delaware 14. Aiteann 15. Armchúirte 16. Romeo 19. Stad 20. Anró 22 Istoíche 24. Caifé 29. Olc 30. Ruathair 32. Dea-Scéal 34. Toiliú 36. Leanfá 37. Úlla 38. Eala 40. Ceilt 42. Tír 43. Cine 44. Lom 48. Laistigh 52. Sá 55. Ar bís 56. Coirt 57. Sciobóil

SÍOS: 1. Comhairle Contae 2. Imirt 3. Rotha 4.Reoánta 5. Dorcha 6. Indéanta 7. Alasca 8. Cheartódh 9. Maireachtáil 12. Arú Inné 17 Muinchillí 18. Ort 21. Sciatháin 23. Oiriúnacht 25. Airdeall 26. Fasach 27. Maitheas 28. Socrú 31. Dia 33. Ailtire 35. Lear 39. Athlá 41. Tomhais 45. Mo 47. Leaca 49. Síob 50. Geal 51. Bosa 52. Sos 53. Abú 54. Fiú
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.