Scéal foirne sacair óige i mBéal Feirste, inar imir Caitlicigh agus Protastúnaigh taobh le taobh sna 1960í sular chuir na Trioblóidí deireadh léi, a bheidh á insint i gclár faisnéise nua ar TG4 Dé Máirt, an 20 Deireadh Fómhair, ag 9.30 pm.
Is é Réalt na Mara – an Pheil, na Trioblóidí agus an Iarmhairt an chéad fhadchlár faisnéise ón stiúrthóir James Wynne, ina ndéantar iniúchadh ar an tionchar a bhí ag an seicteachas ar ghlúin imreoirí sacair óga i dTuaisceart Éireann.
Bhí Réalt na Mara ar cheann de na foirne sacair óige ba rathúla in Éirinn sna 1960í. Bhí imreoirí ón dá phobal ag imirt le chéile tráth a raibh teannas seicteach ag dul i méid, ach de réir mar a ghéaraigh an choimhlint, scaradh na himreoirí agus chuaigh a saol i dtreonna an-éagsúil.