Agus an crosfhocal seo á dhéanamh agat, bain úsáid as Focloir.ie, Teanglann.ie agus Tearma.ie. Cabhróidh siad leat na leideanna a fhuascailt.

Trasna

1. Leagan amach tíre nó ceantair ar páipéar, iolra (14)
7. An tríú mí sa bhliain (5)
11. Duine a thagann chun cónaí sa tír (9)
13. An ceantar d’aon tír atá níos gaire don mhol thuaidh ná an chuid eile di (10)
15. Easpa bia (5)
16. Thug mé an t-airgead dó, tá an fiach ________ agam (6)
17. Réamhscoil (7)
19. Aerach. níos _________ (5)
20. Sé pingne sa seanairgead thiar sna 1960í (4)
22. Cuntas cruthaitheach do leanaí faoi fhathaigh, leipreacháin, etc (7)
24. Nuair a bhriseann na haibhneacha a mbruacha bíonn ________ ann, iolra (6)
27. Seasaimid go léir air (6)
28. Ardmheas (4)
29. An chuid bhán de na tonnta (3)
30. Glac leanbh a bhfuil a thuistí marbh mar do leanbh féin (8)
32. Fliuch agus greamaitheach, iolra (10)
35. Feargach (6)
36. Scata daoine a théann ar cuairt chuig airí chun labhairt leo (12)
39. Na ranna i leabhar (8)
41. Gné nó aghaidh (4)
42. Leanbh dána (7)
43. Duine lag agus gan bhrí (10)

Síos

1. Alt ina ndéantar measúnú ar rud ealaíonta, scannán nó dráma cuir i gcás (18)
2. Áthas ollmhór (9)
3. Cearca beaga (6)
4. Gleoite (6)
5. Fir a bhfuil clann acu (10)
6. Easpa cúraim, ginideach (8)
8. Dath gruaige atá coitinn in Éirinn (3)
9. Aimsir bhreá idir drochaimsir agus drochaimsir (7)
10. Itear iad le slisíní (6)
12. Eagraíocht Shíónach a throid i gcoinne na Sasanach ó 1920 go 1948 (7)
14. Maítear gur chaith athair fir bhuí a shais ag Doire, ________, Inis Ceithleann agus an Bhóinn (8)
18. An chéim is airde i measc léachtóirí na n-ollscoileanna (6)
21. Duine corr, duine _______ (3)
23. Gan stocaí ná bróga ort (11)
24. __________ an scannán mura mbeadh cosc air.
25. An dara hilchríoch is lú (6)
26. Faisnéis nó eolas a sheoltar (14)
27. Comhbhá (4)
31. Gan bheith fliuch (5)
33. Tagairt a dhéanamh dó, é a _____ (3)
34. Úsáideach (6)
37. Leacht a chuirtear ar mhairteoil i mbéile (6)
38. Ní raibh mé ag súil leis agus tharla sé go _______ (6)
40. Foilseachán a bhíonn ar fáil go míosúil (4)

Freagraí ar Crosfhocal #101

TRASNA: 4. Bairneach 8. Tuiscint 11. Soc 13. Cadránta 14.Cairdiúil 15. Scar 17. Áitiúil 18. Iatán 20. Faighim 21. Fúinn 24. Bréan 27. Cosc 29. Féasóige 32. Únfairt 33. Néal 34. Eallaigh 35. Claí 36. Ciall 37. Eorna 40. Ór 42. Craoltóir 47. Goimhe 50. Íseal 51. Iaróg 52. Cochall
SÍOS: 1. Otharcharr 2. Bior 3. Scannáin 4. Braillíní 5. Iondúil 6. Nádúrtha 7. Aisling 9. Neart 10. Scrúdú 12. Carbón 16. Rogha 21. Faoiseamh 22. Mairg 23. Móin 24. Brúnna 25. Éifeacht 26. Náireach 28. Cailleach 29. Fuadair 30. Ealaíne 31. Steallóg 38. Stail 39. Fiar 41. Roic 43. Reic 44. Osna 45. Fís 46. Gal 48. Muc 49. Agó
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.