Ainmnfhocail ar chonsan leathan nó caol. Críochnaíonn an ginideach uatha ar -a, agus déantar críoch caol a leathnú. Tá idir thréaniolraí agus lagiolraí ann.
| Aicme tréaniolraí | Ainmneach uathu | Ginideach uathu | Ainmneach agus ginideach iolra |
|---|---|---|---|
| Ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha dar críoch -áil, -ail, -cht, –irt, -úil, -úin, -úint | admháil macasamhail beannacht abairt barúil finiúin eisiúint | admhála macasamhla beannachta abairt barúla finiúna eisiúna | admhálacha macasamhlacha beannachtaí abairtí barúlacha finiúnacha eisiúintí |
| Ainmfhocail ilsiollacha bhaininscneacha a chríochnaíonn ar -óir | altóir seanmóir onóir | altóra seanmóra onóra | altóir seanmóirí onóracha |
| Ainmfhocail phearsanta ilsiollacha fhirinscneacha dar críoch éir, -eoir, -óir, -úir | báicéir múinteoir seoltóir dochtúir | báicéara múinteora seoltóra dochtúra | báicéirí múinteoirí seoltóirí dochtúirí |
| Ainmfhocail fhirinscneacha eile | gleann buachaill roth anam | gleanna buachalla rotha anama | gleannta buachaillí rothaí anamnacha |
| Ainmfhocail bhaininscneacha eile | feoil cluain táin móin | feola cluana tána móna | feolta cluainte táinte móinte |
| Aicme lagiolraí | Ainmneach uathu | Ginideach uathu | Ainmneach iolra | Ginideach iolra |
|---|---|---|---|---|
| Ainmfhocail ilghnéitheacha | béas dreas mionn tréad treas | béasa dreasa mionna tréada treasa | béasa dreasa mionnaí tréada treasa | béas dreas mionn tréad treas |
Cleachtaí
A: Úsáid na táblaí thuas agus an bunachar gramadaí ag https://www.teanglann.ie/ga/gram chun an tábla seo thíos a chomhlánú:
| Ainmneach uathu | Ginideach uAinmneach uathuathu | Ainmneach iolra | Ginideach iolra |
|---|---|---|---|
| bagairt | |||
| dlíodóir | |||
| saighdiúir | |||
| droim | |||
| rang | |||
| troid | |||
| gamhain | |||
| barúil |
B: Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní:
- Tá teach (an feirmeoir) i lár (an gleann).
- Níl mórán siopaí ag díol (móin) anois.
- Beidh sé ag bogadh (na gamhna) ón mbothán chun na páirce.
- Deir an ceardchumann nach bhfuil an t-aire ag éisteacht le gearáin (na dochtúirí).
- Níl cead ag daltaí dul isteach i seomra (na múinteoirí).
- Tá imní ar mháthair (an saighdiúir).
- Tá praghas (an fheoil) ag dul in airde.
Freagraí…
