Mír ghramadaí 101: An tAinmfhocal 2 – An Tuiseal Ginideach

Is é an tuiseal ginideach foirm ghramadúil d’ainmfhocal a thagann faoi anáil focail eile agus a léiríonn tríd an bhfoirm sin an tionchar atá ag an bhfocal eile air nó an gaol atá eatarthu. Seo roinnt samplaí ó An Foclóir Beag (An Gúm):

  • teach an tsagairt – tá an focal sagart sa tuiseal ginideach, ag léiriú gur leis an sagart an teach
  • muintir na tíre – tá an focal tír sa tuiseal ginideach, ag léiriú gur leis an tír an mhuintir
  • lucht leanúna – tá leanúint sa tuiseal ginideach, ag léiriú cén sórt lucht, nó daoine, atá i gceist

Bíonn ainmfhocal sa tuiseal ginideach díreach tar éis ainm briathartha, mura bhfuil eisceacht i gceist:

ag ól díag ithe úillag ciceáil liathróide
ag léamh leabhairag scríobh ailtag briseadh na fuinneoige
ag péinteáil an doraisag sárú na treorachag ní an chairr

Bíonn ainmfhocal sa tuiseal ginideach díreach tar éis réamhfhocal comhshuite, mura bhfuil eisceacht i gceist:

ar chúl an tíi gcomhair an laear feadh na hoíche
ar fud na tírei láthair an Uachtaráini measc an tslua
ar son na cúisein aice na leapai ndiaidh dinnéara
ar bharr an vardrúisi gceann míosaos cionn an dorais
go ceann leathuairele linn an chogaidhtar éis na hóráide

Bíonn focail sa tuiseal ginideach tar éis na réamhfhocal seo:

chun na scoiledála an scéiltrasna na habhanncois locha

Tá bealaí éagsúla ann chun focal a chur sa tuiseal ginideach. Tá gach ainmfhocal Gaeilge i gceann amháin de chúig ghrúpa. Na díochlaontaí a thugtar ar na grúpaí seo. Is é an chaoi a ndéantar an tuiseal ginideach uatha d’ainmfhocal a shocraíonn cén díochlaonadh lena mbaineann an t-ainmfhocal sin. Breathnóimid ar na díochlaontaí sna seachtainí beaga seo romhainn.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.