Tá sé go hiontach go bhfuil stop curtha leis an bparáid Oráisteach ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin. I rith na nóchaidí mharaigh dílseoirí duine agus fiche i bPort a Dúnáin agus iad ag tacú leis an Ord Oráisteach, ina measc triúr buachaillí óga a dódh ina mbeatha le buama peitril a caitheamh isteach ina dteach. D’ionsaigh scroblach dílseoirí Robert Hamill a fhad is a bhí póilíní de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh ag breathnú orthu gan faic a dhéanamh chun iad a stopadh, agus mharaigh Fórsa Óglaigh Uladh Rosemary Nelson, dlíodóir ón gceantar. Ní raibh aon duine ag iarraidh dul ar ais chuig na drochlaethanta sin. 

Ach ní cóir go dtiocfadh sé go dtí an staid go raibh ar an Rúnaí Stáit Chris Bryant cosc a chur ar an bparáid. Tá ceisteanna le freagracht ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) a chruthaigh an t-achrann seo sa chéad dul síos. Thug siadsan faisnéis mhíchruinn do Choimisiún na Mórshiúlta. Dúirt siad nach mbeadh aon trioblóid ann dá ligfí an mórshiúl Oráisteach síos Bóthar Gharbhachaidh. Ach, ag an am céanna, d’iarr SPTÉ 200 póilín sa bhreis ó Albain chun ullmhú do thrioblóid. 

Cén fáth gur ghlac Coimisiún na Mórshiúlta le faisnéis SPTÉ gan cheist? An mbeidh an Bord Póilíneachta ag fiosrú cén fáth gur thug siad faisnéis mar sin nuair a bhí na gníomhaíochtaí a bhí siad a dhéanamh ag bréagnú faisnéise sin? Chosain sé níos mó £3 mhilliún chun an oibríocht slándála a chur i bhfeidhm. Níos mó ná sin bhí baol ann go mbrúifí mórshiúl síos Bóthar Gharbhachaidh ina aghaidh thoil mhuintir na háite. 

Tá an tOrd Oráisteach ann ó 1795 agus fós tá siad ag cruthú trioblóide ag iarraidh a bheith seicteach ina aghaidh na gCaitliceach. Ach, mar a dúirt Randolph Churchill, fadó ‘Is é an cárta oráisteach an cárta le himirt.’ An raibh an cárta oráisteach á imirt anseo? Cé a rinne an cinneadh sa tseirbhís póilíneachta a iarraidh an mórshiúl Oráisteach a bhrú tríd, agus an raibh tionchar ag stát na Ríochta Aontaithe sa chinneadh seo? 

Bhí sé iontach a fheiceáil go raibh gach páirtí polaitiúil náisiúnach ag seasamh le muintir Bhóthar Gharbhachaidh, ina measc Sinn Féin, Páirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, Pobal seachas Brabús, Aontú, Éirígí, Sinn Féin Poblachtach, Éire Neamhspleách agus Gníomhaíocht Fhrithimpiriúlach, gan trácht ar go leor daoine ón bpobal aontachtach agus Protastúnach.  Tugann sé seo dóchas go bhfuil an seicteachas ag dul i léig sa tuaisceart.

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.