Mír ghramadaí: An aidiacht bhriathartha 2

Cuirtear -te nó -the ar bhriathra dar críoch -gh tar éis an críoch -gh a bhaint.

léighléite
imighimithe
ceannaighceannaithe
suighsuite
blighblite
fighfite
pléighpléite
dóighdóite
cráighcráite

Féach freisin na briathra neamhrialta seo a leanas:

tartagtha
abairráite
tabhairtugtha
téighdulta

Athscríobh na habairtí seo gan na lúibíní

  1. Níl na hearraí (ceannaigh) agam fós.
  2. An bhfuil an t-alt (léigh) aige?
  3. Tá móin na bliana seo caite (dóigh).
  4. Tá an cheist (pléigh) ag an gcoiste agus cinneadh (déan) acu.
  5. Cé go bhfuil sé luath ar maidin tá an t-eallach (crúigh) cheana féin.
  6.  Tá sé a deich a chlog agus gan leanbh (nigh) go fóill!
  7. Cuir an teas ag dul, tá mé (reoigh) ag an bhfuacht!
  8. Dún an geata nó beidh na beithígh (imigh).
  9. Tuairscíodh go bhfuil an t-árthach (caill) agus go bhfuil an fhoireann (báigh), faraor!
  10. Rinne criú an bháid tárrthála a ndícheall, agus tá siad (tabhair) traochta anois.
  11. Anseo atá tú fós, cén fáth nach bhfuil tú (téigh) faoin am seo?
  12. Tá mo shaith (abair) agam!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.